Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Fógraí Tosaithe i mí na Bealtaine 2025

Taisceadh 1,024 fógra tosaithe do thithe nua i mí na Bealtaine 2025

Fuarthas 41,178 fógra tosaithe ar bhonn atrátha 12 mhí (Meitheamh 2024 go Bealtaine 2025).

Fuarthas 41,178 fógra tosaithe ar bhonn atrátha 12 mhí (Meitheamh 2024 go Bealtaine 2025).
Graf a léiríonn na fógraí tosuithe ar bhonn atrátha 12 mhí (Meitheamh go Bealtaine) 2015-2025

Tá tús curtha le 41,178 teach le 12 mhí anuas (Meitheamh 2024 go Bealtaine 2025), laghdú 21.8% ó 52,665 teach sna 12 mhí roimhe sin (Meitheamh 2023 go Bealtaine 2024).

As na 4,969 fógra tosaithe a fuarthas i mbliana go dtí seo (Eanáir-Bealtaine), bhain 30% díobh le ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath.

De réir údarás áitiúil, ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a fuarthas an líon ba mhó fógraí tosaithe (1,105) go dtí seo i mbliana, agus bhí Contae Chorcaí (444) agus Dún na nGall (322) ina dhiaidh sin.

Sonraí iomlána maidir le líon na dtithe ar cuireadh tús leo, fógraí agus tithe cónaithe ar leith ar leibhéal náisiúnta agus de réir údarás áitiúil ó 2014 go dtí Aibreán 2025.

May Commencements 2014 to date
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat