English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST)



Cad is MST ann?

Is próiseas an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) trína ndéantar measúnacht fhoirmeálta de réir córais ar an tionchar suntasach is dócha a bheith ar ghnéithe den timpeallacht ó phlean nó clár a chur i bhfeidhm agus déantar an mheasúnacht sin sula ndéantar aon chinneadh glacadh leis an bplean nó leis an gclár.

Tá de chuspóir le MST freastal do leibhéal ard cosanta ag an timpeallacht agus tairbhe a dhéanamh maidir le gnéithe timpeallachta a bheith ina ndlúthchuid den obair ullmhúcháin ar phleananna agus le cúrsaí timpeallachta a thabhairt san áireamh nuair a bhítear ag glacadh le plean ionas go gcuirtear forbraíocht inmharthana chun cinn.

Bíonn Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) ar phleananna agus ar chláir dlite faoin Treoir 2001/42/CE (‘an Treoir MST’). I ndáil le réimse faoi leith de phleananna maidir le húsáid talún, déantar an Treoir sin a thras-suí i ndlí na hÉireann le hIonstraim Reachtúil (I.R.) Uimh.436 de 2004 (Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004), arna leasú le I.R. Uimh. 201 de 2011 (Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) (Leasú) 2011).

I ndáil le gach plean agus clár eile (lena n-áirítear pleananna de chineálacha eile a bhaineann le húsáid talún ó thaobh earnála chomh maith), déantar an Treoir MST a thras-suí i ndlí na hÉireann le I.R. Uimh 435 de 2004 (Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) 2004), arna leasú le I.R. Uimh. 200 de 2011 (Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) (Leasú) 2011).Tugann réimse leathan údarás poiblí, atá freagrach as pleananna agus cláir a leagan amach, faoi MST.


An ról atá leis an bPobal agus leis na hÚdaráis Comhshaoil maidir le MST

Tá “údaráis comhshaoil” faoi leith a dtéann lucht ceaptha plean/cláir i gcomhairle leo ag tráthanna áirithe de phróiseas an MST. Déantar comhairle leis an bpobal chomh maith agus tugtar deis don phobal tuairimí a chur in iúl maidir leis an “Tuarascáil Timpeallachta” a fhoilsítear in éineacht le dréacht den phlean nó den chlár. Tá dlite chomh maith fógraí áirithe agus an cinneadh críochnúil maidir le glacadh le plean nó clár a chur ar fáil don phobal.


Comhairliúchán le hÚdaráis Comhshaoil mar chuid den MST

Éilítear faoi Threoir MST an AE go dtéann déantóir an phlean i gcomhairle le “húdaráis comhshaoil” ag tráthanna faoi leith de phróiseas foriomlán an MST.

I measc na gcéimeanna sin:

  • fógra a thabhairt do na húdaráis comhshaoil le linn scagthástáil a dhéanamh don MST (nuair is gá) agus aighneacht nó tuairim a iarraidh i ndáil leis an bplean nó leis an gclár beartaithe agus an dócha go mbeadh tionchar suntasach ar an timpeallacht dá bharr
  • fógra a thabhairt do na húdaráis comhshaoil maidir leis an toradh ar scagthástáil MST
  • dul i gcomhairle leis na húdaráis comhshaoil an tráth a mbítear ag socrú ar scóip agus ar mhine an eolais a chaitear a lua sa tuarascáil timpeallachta
  • i ndiaidh foilsiú an Dréachtphlean agus an tuarascáil timpeallachta a ghabhann leis, fógra a thabhairt do na húdaráis comhshaoil arna thabhairt le fios gur féidir aighneacht nó tuairim i scríbhinn a chur chuig an údarás laistigh de thréimhse áirithe, mar chuid den chomhairliúchán níos leithne leis an bpobal agus
  • ar ghlacadh le plean nó clár a ndearnadh MST ina leith, cóip den "Ráiteas MST" a sheoladh chuig na húdaráis comhshaoil.

Ar mhaithe le soiléireacht, is iad na húdaráis comhshaoil seo a leanas ar gá dul i gcomhairle leo faoin reachtaíocht a leanas:

I.R. Uimh. 435 de 2004 (Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) 2004, arna leasú le I.R. Uimh. 200 de 2011 (Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) (Leasú) 2011)

Faoi I.R. 435 de 2004, arna leasú, d'fhéadfadh gá a bheith le MST maidir le gach plean earnála, pleananna maidir le húsáid talún san áireamh (ach amháin an réimse faoi leith sin de phleananna maidir le húsáid talún a thagann faoi scáth I.R. 436 de 2004, arna leasú)

Seo a leanas na húdaráis comhshaoil ar gá dul i gcomhairle leo de réir mar a bhaineann le hábhar:

  • An Ghníomhairecht um Chaomhnú Comhshaoil (“GCC”) – gach uile chás
  • Aonad na nIarratas Forbraíochta, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta - sa chás go bhféadfadh tionchar suntasach tarlú ar an oidhreacht ailtireachta nó seandálaíochta nó ar chaomhnú an dúlra
  • An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide - sa chás go bhféadfadh tionchar suntasach tarlú ar iascach nó ar an timpeallacht mara.

I.R. Uimh. 436 de 2004 (Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004, arna leasú le I.R. Uimh. 201 de 2011 (Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) (Leasú) 2011)

Faoi I.R. 436 de 2004, arna leasú, d'fhéadfadh gá le a bheith le MST maidir le pleananna áirithe i ndáil le húsáid talún de chineálacha faoi leith. Seo a leanas na húdaráis comhshaoil ar gá dul i gcomhairle leo de réir mar a bhaineann le hábhar:

  • GCC – gach uile chás
  • An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta – gach uile chás
  • Aonad na nIarratas Forbraíochta, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil – sa chás go bhféadfadh tionchar suntasach tarlú ar an oidhreacht ailtireachta nó seandálaíochta nó ar chaomhnú an dúlra
  • An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide - áit a bhfuil seans go mbeidh tionchair shuntasacha ar iascaigh mara nó ar an muirthimpeallacht
  • Údarás pleanála a bhfuil a limistéar pleanála ag síneadh le limistéar an údaráis pleanála seo

Sonraí Comhfhreagrais na nÚdarás Comhshaoil

Tá na sonraí comhfhreagrais seo cruinn amhail an 12 Meán Fómhair 2022 .

I.R. Uimh. 435 de 2004 (Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) 2004, arna leasú le I.R. Uimh. 200 de 2011 (Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) (Leasú) 2011)

Údarás Comhshaoil (I.R. 435 de 2004, arna leasú) Seoladh Ríomhphoist Seoladh Poist
An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil - Maidir le gach uile phlean agus clár sea@epa.ie An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin, Contae Loch Garman
An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus OidhreachtaAonad na nIarratas ar Fhorbairt — áit a bhfuil seans go mbeidh tionchair shuntasacha ar chaomhnú an dúlra, ar sheandálaíocht (talún nó faoin uisce) agus ar oidhreacht tógtha manager.DAU@npws.gov.ie An Bainisteoir Aonad na nIarratas Forbraíochta (DAU), Oifigí an Rialtais, Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman, Y35 AP90
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide - áit a bhfuil seans go mbeidh tionchair shuntasacha ar an aeráid nó ar iascaigh intíre . PlanningNotifications@decc.gov.ie Treoir Phleanála, An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, An Tríú Urlár, 29–31 Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath 2, D02 X285
An Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara - áit a bhfuil seans ann go mbeidh tionchair shuntasacha ar iascaigh mara nó ar an muirthimpeallacht . Environmental_Co-ordination@agriculture.gov.ie Rannóg an Bheartais um Chomhordú Comhshaoil, Athrú Aeráide & Bithfhuinneamh, An Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara, Pailliún A, Ionad Gnó Grattan,Bóthar Bhaile Átha Cliath, Port Laoise, Co. Laoise, R32 K857

I.R. Uimh. 436 de 2004 (Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004, arna leasú le I.R. Uimh. 201 de 2011 (Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) (Leasú) 2011)

Údarás Comhshaoil (I.R. 436 de 2004, arna leasú) Seoladh Ríomhphoist Seoladh Poist
An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil - Maidir le gach uile phlean a liostaítear I.R. 436 de 2004, arna leasú sea@epa.ie An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin, Contae Loch Garman
An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta - Maidir le gach uile phlean a liostaítear I.R. 436 de 2004, arna leasú sea@housing.gov.ie Aonad Rialacháin Pleanála AE agus Idirnáisiúnta, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta,Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath, D01 W6X0
An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Aonad na nIarratas ar Fhorbairt — áit a bhfuil seans go mbeidh tionchair shuntasacha ar chaomhnú an dúlra, ar sheandálaíocht (talún nó faoin uisce) agus ar oidhreacht tógtha manager.DAU@npws.gov.ie An Bainisteoir,Aonad na nIarratas Forbraíochta (DAU) ,Oifigí an Rialtais ,Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman, Y35 AP90
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide - áit a bhfuil seans go mbeidh tionchair shuntasacha ar an aeráid nó ar iascaigh intíre PlanningNotifications@decc.gov.ie Treoir Phleanála, An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, An Tríú Urlár, 29–31 Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath 2, D02 X285
An Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara- áit a bhfuil seans ann go mbeidh tionchair shuntasacha ar iascaigh mara nó ar an muirthimpeallach Environmental_Co-ordination@agriculture.gov.ie Rannóg an Bheartais um Chomhordú Comhshaoil, Athrú Aeráide & Bithfhuinneamh,An Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara, Pailliún A, Ionad Gnó Grattan,Bóthar Bhaile Átha Cliath, Port Laoise, Co. Laoise,R32 K857
Aon údarás pleanála a bhfuil a limistéar pleanála ag síneadh le limistéar an údaráis pleanála seo. Éagsúil Éagsúil

Foinsí Breise Eolais maidir le MST