Ag Freastal ar an Éileamh ar Scileanna Tógála agus MNT

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ag Freastal ar an Éileamh ar Scileanna Tógála agus MNT

Chun spriocanna tithíochta agus pleananna iarfheistithe na hÉireann a bhaint amach, ní mór don tionscal tógála a bheith tapa, éifeachtach, agus ard-oilte.

  • Réamhaisnéisítear i dtuarascáil a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2024 na scileanna a bheidh ag teastáil chun tithe nua agus obair iarfheistithe a sheachadadh.
  • Má úsáidtear Modhanna Nua-Aimseartha Tógála (MNT) go forleathan, beidh 69,000 oibrí nua ag teastáil in Éirinn, i gcomparáid le 79,000 faoi mhodhanna traidisiúnta — rud a léiríonn conas is féidir le MNT riachtanais saothair a laghdú.

Plean Gníomhaíochta do Scileanna

  • Cuirfidh plean nua gairmeacha sa tógáil chun cinn, cuirfidh sé borradh faoi earcaíocht, agus leathnóidh sé oiliúint.
  • Tá printíseachtaí ag fás:
    • 9,000 printíseach cláraithe in 2024, os cionn leath acu san earnáil tógála.
    • Sprioc: 12,500 in aghaidh na bliana faoi 2030 faoi Phlean Gníomhaíochta Printíseachta 5 bliana nua (2026–2030).
  • Tá an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais i gceannas ar Phlean Gníomhaíochta do scileanna MNT, agus tacaíocht á fáil ón Sainghrúpa ar Riachtanais Scileanna sa Todhchaí.
  • Cuireann an Campas Náisiúnta Oiliúna Tógála ag Mount Lucas oiliúint phraiticiúil ar fáil i láithreáin a léiríonn an fíorshaol oibre.

Cinnteofar leis na céimeanna seo go mbeidh an lucht saothair oilte ag Éirinn atá riachtanach chun tithe a thógáil ar scála mór.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat