Ag Sásamh Riachtanais Tithíochta an Lucht Siúil
- Foilsithe: 24 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 24 Samhain 2025
Tá an Rialtas tiomanta do thithíocht chuí a chur ar fáil don Lucht Siúil.
Príomhfhíricí
- De réir Dhaonáireamh 2022, dúirt 32,949 duine in Éirinn go raibh siad ina mbaill den Lucht Siúil, sin thart ar 0.6% den daonra.
- Tá 12,367 teaghlach den Lucht Siúil in Éirinn:
- Cónaíonn 79% i ngnáth-thithíocht
- Cónaíonn 21% i dtithíocht a bhaineann go sonrach leis an Lucht Siúil, ar nós Scéimeanna Grúpthithíochta agus Láithreáin Stad
Cad atá á Dhéanamh
- Infheistíodh breis agus €100 milliún i dtithíocht a bhaineann go sonrach leis an Lucht Siúil idir 2020 agus 2024.
- Cuirfear €34 milliún eile ar fáil d’údaráis áitiúla chun leanúint leis an obair seo.
- Cabhraíonn na Cláir Chóiríochta don Lucht Siúil (TAPanna) le húdaráis áitiúla riachtanais tithíochta a mheas agus iad a shásamh.
- Cuireann Scéim Iasachta Carbhán nua ar chumas an Lucht Siúil teacht ar iasachtaí ar chostas íseal chun carbháin nó tithe soghluaiste a cheannach le húsáid ar láithreáin stad.
Seirbhísí a Fheabhsú
- Tá an Rialtas ag gníomhú de réir moltaí ón Athbhreithniú Saineolaíoch ar Chóiríocht don Lucht Siúil chun feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear cóiríocht ar fáil.
- Eiseofar treoirlínte nua chun feabhas a chur ar dhearadh tithíochta a bhaineann go sonrach leis an Lucht Siúil agus chun ról na gCoistí Comhairleacha Náisiúnta um Chóiríocht don Lucht Siúil (LTACCanna) a neartú.