Plean Infheistíochta Earnála PFN: Seirbhísí Uisce agus Cáilíocht Uisce
- Foilsithe: 13 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Samhain 2025
D’fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta inniu an Plean Earnála le haghaidh Seirbhísí Uisce agus Cáilíocht Uisce, ina leagtar amach na leithdháilte caipitil bliantúla faoin bPlean Forbartha Náisiúnta leasaithe (PFN) le haghaidh Earnáil an Uisce. Leagtar amach sa phlean mar a chaithfear an infheistíocht is mó dá ndearna riamh le haghaidh earnáil an uisce, €12.2. billiún, sna cúig bliana amach romhainn.
Tá os cionn 95% den chistiúchán (€11.7bn) faoi leithdháileadh leasaithe PFN á chur i leataobh d’Uisce Éireann, chun tacú le soláthar réimse fairsing tionscadal inár gcathracha agus réigiúin chun acmhainn seirbhísí breise atá de dhíth le haghaidh na spriocanna nua tithíochta a chur ar fáil faoi agus tosaíocht á dtabhairt do shláinte phoiblí agus cosaint
na timpeallachta.
Déanfar infheistíocht €230 milliún i mbonneagar uisce tuaithe, rud atá ríthábhachtach maidir le bonn a chur faoi sholáthar seirbhísí uisce atá slán agus sábháilte do cheantair tuaithe nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí Uisce Éireann. Leithdháileadh in athbhreithniú PFN freisin infheistíocht €306 chun cáilíocht an uisce in aibhneacha, lochanna agus in uiscí cósta a fheabhsú.