Fógraí Tosaithe i mí Dheireadh Fómhair 2025
- Foilsithe: 20 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 20 Samhain 2025
Taisceadh 1,441 fógra tosaithe do thithe nua i mí Dheireadh Fómhair 2025.
Taisceadh 23,599 fógra tosaithe ar bhonn rollach 12 mhí (Samhain 2024 go Deireadh Fómhair 2025).
De réir Údarás Áitiúil, is i gCathair Bhaile Átha Cliath (2,053) a cuireadh tús leis an líon is mó aonad go dtí seo i mbliana, agus ina dhiaidh sin tá Contae Chorcaí (1,089) agus Fine Gall (911).
Níl tús curtha ach le 20 aonad i gCathair na Gaillimhe.