Oidhreacht Éireann 2030 - Comhairliúchán
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Tá Oidhreacht Éireann 2030 bunaithe ar chomhairliúchán leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara.
Bhí cruinnithe poiblí agus earnála ag an Roinn nuair a bhí an plean á fhorbairt. Fuarthas 2,156 aighneacht i scríbhinn ón bpobal freisin. Is féidir leat teacht ar shuirbhé an chomhairliúcháin phoiblí thíos, mar aon le tuairisc ar na cruinnithe agus tuairisc eile ar na haighneachtaí.
Tá sé geallta ag Oidhreacht Éireann 2030 freisin go ndéanfar athbhreithniú ar a struchtúir tar éis trí bliana. Mar chuid den athbhreithniú, chuaigh an roinn i mbun comhairliúcháin le páirtithe leasmhara idir mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair 2025. Díríodh sa chomhairliúchán ar an gcaoi a bhfuil an straitéis á cur i gcrích agus ar na gníomhaíochtaí a leagtar amach ina plean gníomhaíochta. Is féidir leat breathnú ar thuarascáil ar thorthaí an chomhairliúcháin thíos.