Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ciste Infheistíochta Straitéisí Píolótach san Oidhreacht Dhomhanda 2025



Ciste Infheistíochta Straitéisí Píolótach san Oidhreacht Dhomhanda 2025

Ciste Infheistíochta Straitéisí Píolótach san Oidhreacht Dhomhanda 2025

Tá Ciste Infheistíochta Straitéisí Píolótach san Oidhreacht Dhomhanda á thriail in 2025 chun infheistíocht a sholáthar d’Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn.

Tá maoiniú á chur ar fáil d’údaráis áitiúla agus d’úinéirí príobháideacha chun Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur chun cinn. Beidh €300,000 san iomlán ar fáil go náisiúnta faoin scéim phíolótach in 2025. Tá sé mar aidhm ag an scéim phíolótach seo cabhrú le húinéirí agus le caomhnóirí i Maoin Oidhreachta Domhanda EOECNA nó i Láithreán ar an Liosta Sealadach chun tréithe (agus tréithe féideartha) de Shárluach Uilíoch (SU) a fheabhsú, a chosaint agus a chaomhnú. An rud atá i gceist le SU ná tábhacht nádúrtha nó chultúrtha láithreáin atá chomh heisceachtúil sin gur fiú é a aithint mar chuid d’oidhreacht choiteann an chine dhaonna.

Féadfar maoiniú a sholáthar do na cineálacha struchtúr seo a leanas:

  • Séadchomharthaí: gné ailtireachta nó sheandálaíochta, a chuireann le SU nó atá ina dtréithe de ó thaobh na staire, na healaíne nó na heolaíochta de;
  • Foirgnimh: foirgnimh scartha nó cheangailte, a chuireann le SU nó atá ina dtréithe de ó thaobh na staire, na hailtireachta nó na heolaíochta mar gheall ar a n-ailtireacht, a n-aonchineálacht nó a suíomh sa tírdhreach;
  • Saothair an chine dhaonna nó saothair de chuid an nádúir agus an duine araon, agus limistéir san áireamh ina bhfuil láithreáin seandálaíochta/ tírdhreacha deartha, a chuireann le SU nó atá ina dtréithe de ó thaobh na staire, na haeistéitice, na heitneolaíochta nó na hantraipeolaíochta.

Bunaidhmeanna an Chiste

Tá maoiniú á chur ar fáil chun:

  • Léirmhíniú agus léiriú struchtúr a fheabhsú (lena n-áirítear léirmhíniú agus léiriú fíorúil agus ar líne);
  • Rochtain ar struchtúir a fheabhsú;
  • Oibreacha caomhnaithe a chumasú ar struchtúir a bhfuil tacaíocht phráinneach ag teastáil uathu, lena n-áirítear athléimneacht a chothú chun seasamh in aghaidh éifeachtaí an athraithe aeráide; agus,
  • Cosaint struchtúr a fheabhsú.

Sruthanna

Tá dhá Shruth ag an gCiste Infheistíochta Straitéisí san Oidhreacht Dhomhanda:

Sruth A

Cuirfidh Sruth A maoiniú suas le €25,000 ar fáil chun bonneagar rochtana, tionscadail léirmhínithe agus léiriú struchtúr a fheabhsú (lena n-áirítear go fíorúil agus/nó ar líne).

Sruth B

Cuirfidh Sruth B maoiniú suas le €100,000 ar fáil chun struchtúir a chosaint agus a chaomhnú, lena n-áirítear deisiúcháin riachtanacha, comhairle faoi chaomhnú, ullmhú Plean Bainistíochta Caomhantais agus sonraíochtaí mionsonraithe oibreacha.

Is féidir le hÚdaráis Áitiúla suas le 3 iarratas a chur isteach in aghaidh gach Maoine Oidhreachta Domhanda nó Láithreáin atá liostaithe ar an Liosta Sealadach.


Tionscadail Incháilithe

Chun a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh, ní mór do struchtúir a bheith:

  • ar áireamh i dTaifead na Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSA) faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 (arna leasú); nó
  • aitheanta i dTaifead Láithreán agus Séadchomharthaí (TLS); nó
  • ar áireamh i dTaifead ar Dhéanmhais Chosanta.(TDC) de chuid gach Údaráis Áitiúil; nó
  • atá incháilithe don TDC ach nach bhfuil faomhadh foirmiúil faighte acu go fóill le go gcuirfear san áireamh iad; nó,
  • laistigh de Limistéir Caomhantais Ailtireachta (LCA)

Ina theannta sin, beidh ar struchtúir incháilithe ceann amháin nó an ceann eile den dá choinníoll cháilitheacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  1. tá siad ar áireamh laistigh de theorainneacha beartaithe láithreáin atá liostaithe ar an Liosta Sealadach mar thréithe féideartha de Shárluach Uilíoch;
  2. tá siad ar áireamh laistigh de theorainneacha Maoine Oidhreachta Domhanda na hÉireann mar thréithe de Shárluach Uilíoch.

Tá struchtúir i gcrios maolánach beartaithe nó iarbhír timpeall ar Mhaoin Oidhreachta Domhanda nó atá liostaithe ar an Liosta Sealadach a mheastar a bheith ag cosaint an tSárluacha Uilíoch nó ag cur leis incháilithe chun iarratas a dhéanamh freisin.

Níl struchtúir atá faoi úinéireacht/choimeád an Aire nó faoi úinéireacht/choimeád Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP san áireamh sa scéim.


Conas Iarratas a Dhéanamh

Féach ar an méid seo a leanas le haghaidh tuilleadh eolais

  1. Lámhleabhar Ciorclach Chiste Infheistíochta Straitéisí san Oidhreacht Dhomhanda
  2. Foirm Iarratais
  3. Foirm Mheasúnaithe
  4. Foirm Aisghabhála
  5. Foirm Coinbhleachta Leasa

Documents

WHSIF Circular Handbook 2025
Amharc amharc
Form A WHSIF Application
Amharc amharc
Form B WHSIF Appraisal
Amharc amharc
Form C WHSIF Recoupment Claim
Amharc amharc
Form D WHSIF Conflict of Interest
Amharc amharc