An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2024
- Foilsithe: 27 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Samhain 2025
Is athchóiriú mór é an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2024 chun dlús a chur le seachadadh tithíochta agus chun an córas pleanála a dhéanamh níos soiléire agus níos éifeachtúla.
Cad atá ag Athrú?
- Amlínte reachtúla do gach cinneadh pleanála – cinnteacht a thabhairt d’iarratasóirí, do phobail agus d’fhorbróirí.
- Ailíniú níos láidre idir beartas náisiúnta agus áitiúil.
- Pleananna údaráis áitiúil deich mbliana d’fhorbairt fhadtéarmach, straitéiseach.
- Uirlisí nua cosúil le:
- Criosanna Forbartha Uirbí
- Pleananna Limistéir Uirbeacha agus Tosaíochta
- Pleananna saincheaptha do phobail na Gaeltachta agus na nOileán
Rolladh Amach Céimnithe
Tá an tAcht á thabhairt isteach i gcéimeanna:
- Meitheamh 2025: Cuireadh tús leis an gcéad chéim, lena n-áirítear An Coimisiún Pleanála a chruthú.
- Lúnasa 2025: Tugadh isteach athbhreithniú breithiúnach pleanála athchóirithe.
- Deireadh Fómhair 2025: Cuireadh tús le Ráitis agus creataí Pleanála Náisiúnta. Leanfaidh céimeanna breise roimh dheireadh 2025.
An Córas Pleanála a Fheabhsú
Tá Creat Sármhaitheasa Pleanála Náisiúnta á fhorbairt ag an Roinn chun:
- Aibhsigh an cleachtas is fearr.
- Réimsí le feabhsú a aithint.
- Tacú le húdaráis phleanála le hacmhainní agus saineolas.
Chomh maith leis sin, tá an Rialtas:
- Plean Gníomhaíochta an Aire i dtaca le hAcmhainní Pleanálaa chur i bhfeidhm.
- Foireann a mhéadú sa Choimisiún Pleanála (beagnach 300 ball foirne anois).
- Athbhreithniú a dhéanamh ar ról Oifig an Rialtóra Pleanála lena chinntiú go dtacaíonn sé le seachadadh tithíochta.