Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Reifrinn



Reifreann Bunreachta

Nuair is mian leis an rialtas rud éigin a athrú i mBunreacht na hÉireann, caithfidh sé reifreann bunreachtúil a reáchtáil. Léigh Bunreacht na hÉireann.

Reáchtáladh 38 reifreann bunreachta sa Stát.


Gnáthreifreann

Nuair is mian leis an rialtas dlí a bhfuil tábhacht náisiúnta leis a thabhairt isteach, is féidir leis an Seanad agus leis an Dáil achainí a dhéanamh ar an uachtarán reifreann a reáchtáil. Níor reáchtáladh aon ghnáthreifreann.


Cé atá in ann Vótáil

Tá gach duine ar saoránach Éireannach é/í, atá 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá na vótála, agus atá san áireamh i gClár na dToghthóirí Dála ar lá na vótála, i dteideal vótáil i reifrinn.


Físeáin maidir le reifrinn in Éirinn

Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar reáchtáil na reifreann in Éirinn, cuid thábhachtach dá próiseas daonlathach. San físeán seo taispeántar cén chaoi agus cén fáth a dtarlaíonn refrinn agus na comhlachtaí Stáit a oibríonn lena chinntiú go mbíonn ionchur ag na saoránaigh ar lá an reifrinn. (Féach thíos le haghaidh an fhíseáin ghearr agus an leagan níos faide.)

Leagan gearr

Leagan níos faide


Reachtaíocht maidir le Reifrinn

Tá reachtaíocht le haghaidh reifrinn in Éirinn leagtha amach in Acht an Reifrinn, 1994 agus in Acht an Reifrinn, 1998.

Tá dhá chineál reifrinn ann in Éirinn: reifreann bunreachta agus gnáthreifreann.


Torthaí Reifrinn 1937 – 2024


Suíomh gréasáin Cheann Comhairimh an Reifrinn

Is é dualgas Cheann Chomhairimh an Reifrinn ná reifrinn a stiúradh agus torthaí na reifreann a dheimhniú agus a dhearbhú.

Léigh tuilleadh faoi reifrinn ar shuíomh gréasáin Cheann Comhairimh an Reifrinn.


Bileog Eolais