Reifrinn – Doiciméid aitheantais agus cártaí faisnéise vótaíochta
- Foilsithe: 6 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 6 Márta 2024
- Stáisiúin vótaíochta - uaireanta oscailte
- Cártaí faisnéise vótaíochta
- Doiciméid aitheantais
- Reifrinn ar an teaghlach agus cúram
Níl cárta faisnéise vótaíochta ag teastáil uait chun vóta a chaitheamh.
Tabhair leat an t-aitheantas riachtanach le do thoil Dé hAoine an 8 Márta 2024.
Stáisiúin vótaíochta - uaireanta oscailte
Beidh na reifrinn ar siúl Dé hAoine 8 Márta 2024 agus beidh na stáisiúin vótaíochta ar oscailt ó 7:00 a.m. go 10:00 p.m.
Cártaí faisnéise vótaíochta
Níl cárta fáisnéise vótaíochta ag teastáil uait chun vóta a chaitheamh ag na reifrinn.
Is féidir go n iarrfaí ort, áfach, aitheantas a thabhairt ar aird ag an stáisiún vótaíochta sula dtabharfar páipéir bhallóide duit. Mura bhfuil doiciméad aitheantais cuí agat nó mura bhfuil an t-oifigeach ceannais sásta gur tusa an duine lena mbaineann an doiciméad aitheantais, ní bheidh cead agat vóta a chaitheamh.
Doiciméid aitheantais
Glacfar leis na doiciméid seo a leanas chun críocha aitheantais:
- (i) pas
- (ii) ceadúnas tiomána
- (iii) cárta aitheantais fostaí ar a bhfuil grianghraf
- (iv) cárta aitheantais mac léinn arna eisiúint ag institiúid oideachais agus ar a bhfuil grianghraf
- (v) doiciméad taistil ar a bhfuil d'ainm agus grianghraf
- (vi) leabhar bainc nó coigiltis nó comhar creidmheasa ina bhfuil do sheoladh sa toghcheantar nó sa toghcheantar áitiúil (más cuí)
- (vii) Cárta Seirbhísí Poiblí
nó
aon cheann díobh seo a leanas a mbeidh doiciméad breise ag gabháil leis a léiríonn seoladh an tsealbhóra sa toghcheantar nó sa toghcheantar áitiúil (más cuí):
- (viii) seicleabhar
- (ix) seic-chárta
- (x) cárta creidmheasa
- (xi) teastas breithe
- (xii) deimhniú pósta.
Reifrinn ar an teaghlach agus cúram
An Bille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (An Teaghlach), 2023 agus An Bille um an Daicheadú Leasú ar an mBunreacht (Cúram), 2023.
Dáta: Dé hAoine 8 Márta 2024.