Reifrinn - Vótálaithe a bhfuil Tinneas Fisiciúil nó Míchumas Fisiciúil orthu
- Foilsithe: 22 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Stáisiún vótála níos inrochtana
- Spriocdháta
- Conas iarratas a dhéanamh
- Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram
Stáisiún vótála níos inrochtana
Féadfaidh vótálaithe a bhfuil tinneas fisiciúil nó míchumas fisiciúil orthu, nach bhfuil a n-ainm ar an liosta vótála poist nó speisialta, agus a bhféadfadh deacracht a bheith acu rochtain a fháil ar a stáisiún vótála áitiúil iarratas a dhéanamh chun a vóta a aistriú chuig stáisiún vótála níos inrochtana ina dtoghcheantar.
Tá an áis seo ann chun cabhrú le vótálaithe a mbíonn deacracht acu rochtain a fháil ar a stáisiún vótála áitiúil.
Spriocdháta
Chun leas a bhaint as an áis, ba cheart do vótálaithe iarratas a dhéanamh chuig an gceann comhairimh dá dtoghcheantar faoin Aoine an 1 Márta 2024 ar a dhéanaí.
Conas iarratas a dhéanamh
Níl foirm iarratais speisialta ag teastáil. Más féidir, ba chóir do vótálaithe stáisiún vótála eile a mholadh sa toghcheantar a bheidh oiriúnach agus áisiúil dóibh araon.
Is féidir sonraí teagmhála an cheann comhairimh do gach toghcheantar a fháil ag www.referendum.ie.
Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram
An Bille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (An Teaghlach), 2023 agus An Bille um an Daicheadú Leasú ar an mBunreacht (Cúram), 2023
Dáta: Dé hAoine 8 Márta 2024 .
Stáisiúin Vótaíochta Oscailte: 7:00 a.m. – 10:00 p.m.