Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil ó Fhóram Straitéiseach na gComhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCT)

Tagann an tuarascáil ó Fhóram Straitéiseach na gComhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (FSCCT) sna sála ar athbhreithniú cuimsitheach ilpháirtithe leasmhara ar an earnáil CCT a rinneadh i rith 2024, agus leagtar amach léi fís uaillmhianach chlaochlaitheach 10 mbliana agus treochlár mionsonraithe maidir le hathchóirithe forbartha beartais ionas go mbeifear in ann an fhís sin a bhaint amach.

Tá géarghá ann leanúint leis an gcumas, acmhainn agus saineolas atá tógtha ag an earnáil a chur chun tairbhe, ionas go mbeidh sí in ann leanúint de ról ríthábhachtach a ghlacadh i réiteach na géarchéime tithíochta atá ann faoi láthair. Leis an treochlár maidir le hathchóirithe a leagtar amach sa tuarascáil ó FSCCT, féachtar chun an earnáil a neartú a thuilleadh trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin láithreacha, mar aon le beartais a chur chun cinn an tráth céanna lena méadófar an athléimneacht, an éifeachtúlacht agus an inbhuanaitheacht sna trí bliana amach romhainn.

Rinneadh anailís agus rannpháirtíocht fhairsing le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear ceardlanna náisiúnta, comhairliúchán leathan agus taighde spriocdhírithe maidir le samhlacha comhlachais tithíochta sheachbhrabúsacha idirnáisiúnta, a chur isteach san obair d’Fhóram Straitéiseach CCT. Leis an obair, baineadh leas as moltaí ábhartha an Choimisiúin Tithíochta agus as na tosaíochtaí a leagtar amach sa Chlár Rialtais a bhaineann leis an earnáil CCT.

Na Chéad Chéimeanna Eile: Clár Athchóirithe Forbartha Beartais Earnála

Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO) tiomanta ar son na hathchóirithe forbartha beartais tosaíochta sin a chur chun cinn mar chuid den Phlean Náisiúnta Tithíochta, agus slógfaidh sí meitheal um athchóiriú earnála ina mbeidh príomhpháirtithe leasmhara páirteach.

Chun sláine agus inseachadtacht na moltaí struchtúracha agus airgeadais a chinntiú, cuirfidh an Mheitheal um Athchóiriú Earnála tús láithreach le dianchéim scóipe chuimsithigh, imscrúdaithe agus fobartha beartais mionsonraithe. Leis an anailís chriticiúil bhunúsach sin, déanfar athbhreithniú críochnúil ar na creataí dlíthiúla, reachtúla, airgeadais agus fioscacha is gá chun tacú leis na hathchóirithe atá beartaithe.

Beidh comhairliúchán agus comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara i gceist go soiléir leis an obair sin, lena n-áirítear an earnáil CCT, roinnt Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais, eagraíochtaí Earnála Príobháidí, mar aon le comhpháirtithe Eorpacha.

Report of the Approved Housing Body (AHB) Strategic Forum
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat