Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuairisciú ar Easpa Dídine


Tá sé ríthábhachtach eolas soiléir cruinn a bheith ann faoi dhaoine atá gan dídean. Cabhraíonn sé leis an Rialtas agus leis na húdaráis áitiúla cinntí níos fearr a dhéanamh agus an tacaíocht cheart a chur ar fáil.

Tuarascálacha Rialta

Foilsíonn an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tuarascálacha mionsonraithe gach agus ráithe. Tá na tuarascálacha seo bunaithe ar shonraí ó údaráis áitiúla agus áirítear leo:

  • Tuarascáil Mhíosúil maidir le hEaspa Dídine
    Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil sa tuarascáil seo ar líon agus ar chineálacha na dteaghlach atá i gcóiríocht éigeandála, lena n-áirítear aois, méid an teaghlaigh, agus suíomh.
  • Tuarascálacha Ráithiúla ar Dhul Chun Cinn agus ar Fheidhmíocht
    Léirítear iontu seo an chúis a bhfágtar daoine gan dídean, an mhéad atá ag bogadh isteach i dtithíocht bhuan, agus na gníomhartha atá á ndéanamh ag údaráis áitiúla chun easpa dídine a chosc.
  • Comhaireamh ar na Daoine atá ag Codladh Amuigh
    I mBaile Átha Cliath, déanann Feidhmeannacht um Dhaoine ar Easpa Dídine Réigiún Bhaile Átha Cliath (DRHE) comhaireamh iomlán ar líon na ndaoine atá ag codladh amuigh dhá uair sa bhliain.

Treochtaí Athraithe in Easpa Dídine

Tá na cúiseanna a bhfágtar daoine gan dídean ag athrú. Cé go dtagann go leor acu fós ón earnáil cíosa phríobháidigh nó mar gheall ar chliseadh teaghlaigh, tá níos mó daoine ag teacht anois ó:

  • Taobh amuigh d’Éirinn, lena n-áirítear iad siúd ar tugadh cosaint idirnáisiúnta dóibh nó a thagann anseo le baill teaghlaigh.
  • I mBaile Átha Cliath, is as taobh amuigh den Stát ó dhúchas breis is leath de na teaghlaigh atá i gcóiríocht éigeandála.

Tá údaráis áitiúla ag cur a gcuid seirbhísí in oiriúint chun freastal ar riachtanais an daonra athraithigh seo.

Bailiú Sonraí a Fheabhsú

Tá an Roinn ag obair le húdaráis áitiúla chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Feabhas a chur ar an gcaoi a mbailítear agus a ndéantar anailís ar shonraí
  • Tuiscint níos fearr a fháil ar chúiseanna easpa dídine
  • Cuntas a choinneáil ar an líon daoine a bhogann ó chóiríocht éigeandála go tithe buana

Foréigean baile agus easpa dídine

Tá sonraí níos mionsonraithe á mbailiú anois ar dhaoine a fhágtar gan dídean de bharr foréigean baile:

  • Sa dara leath de 2024, luaigh 117 teaghlach (3.9%) gur foréigean baile ba chúis le cóiríocht éigeandála a bheith ag teastáil uathu.
  • Faoi Ráithe 3 2025, bhí an figiúr sin ardaithe go 189 teaghlach (4.3%).

Cuan,

an ghníomhaireacht nua um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe a Chosc (a bunaíodh i mí Eanáir 2024), ag forbairt plean náisiúnta sonraí agus taighde chun seirbhísí agus iarrachtaí coisctheacha a fheabhsú.

Leanfaidh an Roinn Tithíochta uirthi ag bailiú agus ag tuairisciú sonraí ar easpa dídine de bharr foréigean baile mar chuid den Phlean Forfheidhmithe Neamhfhulaingthe (2025–2026).

Riachtanais Tithíochta Sóisialta

Gach bliain, foilsíonn an Rialtas Achoimre ar Mheasúnuithe i leith Tithíocht Shóisialta, a léiríonn:

  • An líon teaghlach a cháilíonn do thithíocht shóisialta i ngach ceantar údaráis áitiúil
  • Na cineálacha riachtanas tithíochta atá ann ar fud na tíre

Cuidíonn sé seo le cinntí a threorú maidir le cén áit agus conas tithíocht a thógáil agus a leithdháileadh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat