Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta 2024
- Foilsithe: 7 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 4 Feabhra 2026
Tháinig Rialachán nua (AE) 2024/3110 maidir le Táirgí Foirgníochta (ar a dtugtar RTF 2024) i bhfeidhm an 7 Eanáir 2025, agus beidh sé i bhfeidhm ón 8 Eanáir 2026.
Aisghairfear leis Rialachán (AE) 305/2011 roimhe seo maidir le Táirgí Foirgníochta (ar a dtugtar RTF 2011) ón 8 Eanáir 2026, seachas airteagail áirithe a leanfaidh de bheith i bhfeidhm go dtí an 8 Eanáir 2040.
Chun cur leis an gcreat dlíthiúil a bunaíodh le RTF 2011, tá sé mar aidhm ag RTF 2024 margadh aonair dea-fheidhmiúil a bhaint amach do tháirgí foirgníochta agus cur le cuspóirí an aistrithe ghlais agus dhigitigh, i dtreo geilleagar nua-aimseartha atá tíosach ar acmhainní agus iomaíoch.
Tugtar deis le RTF 2024 caighdeánú a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla nua, agus faisnéis níos fearr á soláthar do thomhaltóirí mar shampla i ndáil le faisnéis chomhshaoil. Leathnaíodh an raon feidhme le CPR 2024 chuig táirgí úsáidte, agus áirítear táirgí priontáilte 3T sa sainmhíniú nua de tháirgí foirgníochta. Déantar foráil leis freisin maidir le córas pas dhigitigh a bhunú le haghaidh earraí foirgníochta cosúil leis an gceann atá beartaithe sa Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe.
Éascaíonn sé caighdeáin nua a ghlacadh, agus tugtar cumhacht don Choimisiún Eorpach sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh faoi choinníollacha áirithe nuair a chuirtear bac ar an ngnáthbhealach caighdeánaithe.
Leagadh amach in RTC 2024 na hoibleagáidí atá ar mhonaróirí, ar allmhaireoirí agus ar oibreoirí eacnamaíocha eile (lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí próiseála orduithe agus margaí ar líne), agus neartaítear faireachas margaidh agus cosaint tomhaltóirí leis.
Ag an am céanna, urramaítear le RTC 2024 gur inniúlacht náisiúnta i gcónaí é an ceart chun oibreacha foirgníochta a rialáil.
De réir Airteagal 64.2 den Rialachán (AE) 2024/3110, ainmnítear an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta mar an Pointe Idirchaidrimh Aonair do tháirgí foirgníochta.
Feidhmeoidh an Roinn mar phointe fócais le haghaidh teagmhálacha leis an gCoimisiún Eorpach agus le pointí idirchaidrimh aonair de chuid Ballstát eile atá inniúil faoin Rialachán seo.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bPointe Idirchaidrimh Aonair ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: cpr@housing.gov.ie
D’fhorbair an Coimisiún Eorpach an chéad Phlean Oibre RTF do 2026 -2029 i gcomhréir le hAirteagal 4(2). Lean an nasc chun an plean oibre a léamh.
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag ullmhú faoi láthair le haghaidh chur i bhfeidhm RTF 2024.
Chun fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Rialachán Táirgí Foirgníochta (CPR) 2024, líon isteach do chuid sonraí ag an nasc seo le do thoil. Lean an nasc seo chun ár ráiteas príobháideachais a fheiceáil.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bPointe Idirchaidrimh Aonair ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: cpr@housing.gov.ie