Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Treoirlínte Tithíochta Tuaithe

Chun spriocanna tithíochta a bhaint amach agus chun tacú le daoine ar mian leo cónaí agus oibriú i gceantair thuaithe, cinnteoidh an Rialtas cur chuige soiléir agus comhsheasmhach i leith tithíochta tuaithe.

Beartas Reatha

  • Ba cheart tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá mar chuid dhílis den phobal tuaithe bunaithe ar riachtanas eacnamaíoch nó sóisialta chun tithe a thógáil i gceantair thuaithe.
  • I gceantair in aice le cathracha agus bailte, dírítear an t-éileamh tithíochta ar lárionaid uirbeacha.
  • I gceantair thuaithe ina bhfuil laghdú ar an daonra, is féidir le haon duine ar mian leo teach a thógáil é sin a dhéanamh, faoi réir gnáthrialacha pleanála agus comhshaoil.

Cad atá ag Athrú?

Cé go bhfuil tithíocht tuaithe fós ina cuid thábhachtach de sholáthar tithíochta bliantúil, níor cuireadh an beartas i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na tíre.
Chun seo a réiteach, foilseoidh an Rialtas Ráiteas Pleanála Náisiúnta ina leagfar amach critéir phleanála shoiléire do thithíocht tuaithe i bpleananna forbartha údarás áitiúil, bunaithe ar an gCreat Náisiúnta Pleanála (CNP).

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat