Síntiúis Pholaitíochta
- Foilsithe: 11 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 11 Bealtaine 2026
Déantar glacadh síntiús a thugtar chun críoch polaitiúil a rialáil faoin Acht Toghcháin, 1997. Faoin reachtaíocht, ní fhéadfaidh comhaltaí an Oireachtais, feisirí Pharlaimint na hEorpa, Méara Luimnigh, iarrthóirí a sheasann i dtoghchán do cheachtar teach den Oireachtas, do Pharlaimint na hEorpa, d’Oifig Mhéara Luimnigh nó d’Oifig an Uachtaráin, páirtithe polaitíochta ná tríú páirtithe glacadh le:
- síntiús ar mó a luach ná €100, mura bhfuil ainm ná seoladh an deontóra ar eolas,
- síntiús airgid thirim ar mó a luach ná €200,
- síntiús ar mó a luach ná €200, in aon bhliain féilire ó dheontóir corparáideach, ach amháin i gcás:
- ina bhfuil an deontóir corparáideach cláraithe sa Chlár Deontóirí Corparáideacha, a choinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar bun, agus
- ina ndéantar ráiteas thar ceann an deontóra chorparáidigh, lena ndeimhnítear gur cheadaigh an deontóir corparáideach an síntiús a dhéanamh, a sholáthar leis an síntiús,
- síntiús, is cuma cén luach, ó dhuine aonair (nach saoránach Éireannach iad) a chónaíonn lasmuigh d’oileán na hÉireann,
- síntiús ó chomhlacht corparáideach nó ó chomhlacht neamhchorpraithe daoine nach gcoimeádann oifig ar oileán na hÉireann óna stiúrtar ceann amháin nó níos mó dá phríomhghníomhaíochtaí,
- síntiús nó síntiúis, ón deontóir céanna, in aon bhliain féilire, ar mó a luach comhiomlán ná €1,000 i gcás duine aonair, nó €2,500 i gcás páirtí polaitíochta nó tríú páirtí,
- síntiús i bhfoirm criptea-airgeadra.
Ní mór do gach comhalta tofa, iarrthóir nár éirigh leo ag toghcháin, páirtí polaitíochta agus tríú páirtí a fhaigheann síntiús a tugadh chun críoch polaitiúil ar luach níos mó ná €100 in aon bhliain féilire, cuntas a oscailt in institiúid airgeadais sa Stát (ar a dtugtar cuntas síntiús polaitíochta). Ba cheart don chuntas sin gach idirbheart síntiús breise a tharlaíonn tar éis oscailt an chuntais a thaifeadadh.
Ceanglaítear ar gach iarrthóir nár éirigh leo i dtoghchán ráiteas (ar a dtugtar ráiteas síntiús) a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí lena léirítear cé acu a fuair nó nach bhfuair siad aon síntiús don toghchán ar mó a luach ná €600, agus mionsonraí ann faoi aon síntiús den sórt sin agus faoi na daoine a thug iad. Ní mór ráitis síntiús ó iarrthóirí nár éirigh leo i dtoghchán a sholáthar laistigh de 56 lá ón lá vótála i dtoghchán.
Ceanglaítear ar gach comhalta an Oireachtais, feisire Pharlaimint na hEorpa, Méara Luimnigh, páirtí polaitíochta nó tríú páirtí ráiteas síntiús a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Ba cheart don ráiteas sin a léiriú cé acu a fuair nó nach bhfuair siad aon síntiús ar mó a luach ná €600 i gcás duine aonair, nó ar mó a luach ná €1,500 i gcás páirtí polaitíochta nó tríú páirtí. Ba cheart mionsonraí a thabhairt sa ráiteas freisin faoi aon síntiús den sórt sin agus faoi na daoine a thug iad. Ní mór ráitis síntiús ó chomhaltaí tofa a sholáthar faoin 31 Eanáir gach bliain, ag féachaint do shíntiúis a fuarthas sa bhliain féilire roimhe sin. Ní mór ráitis síntiús ó pháirtithe polaitíochta agus ó thríú páirtithe a sholáthar faoin 31 Márta gach bliain, ag féachaint do shíntiúis a fuarthas sa bhliain féilire roimhe sin.
Ní mór ráiteas ón institiúid airgeadais, lena sonraítear na hidirbhearta a rinneadh sa chuntas síntiús polaitíochta, a bheith ag gabháil le ráitis síntiús bhliantúla agus iarthoghcháin. Ba cheart deimhniú, lena sonraítear gur taisceadh gach síntiús sa chuntas agus gur úsáideadh iad chun críoch polaitiúil, a bheith ag gabháil leis na mionsonraí sin.
Déantar foráil freisin leis an Acht Toghcháin, 1997 maidir le faireachán neamhspleách an chórais síntiús polaitíochta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Chuige sin, d’fhoilsigh an Coimisiún réimse treoirlínte chun iarrthóirí toghcháin, comhaltaí an Oireachtais, feisirí Pharlaimint na hEorpa, páirtithe polaitíochta, deontóirí corparáideacha agus tríú páirtithe a chur ar an eolas faoina n-oibleagáidí faoin Acht. Tá tuilleadh eolais agus na treoirlínte ar fáil ar shuíomh gréasáin an choimisiúin.