Tuarascáil measúnaithe ar leochaileacht athrú aeráide Sceilg Mhichíl

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil measúnaithe ar leochaileacht athrú aeráide Sceilg Mhichíl

Sa bhliain 2022, cuireadh Sceilg Mhichíl san áireamh i dtionscadal ICOMOS-National Geographic & Manulife, Preserving Legacies – A Future for our Past, an t-aon suíomh a roghnaíodh san Eoraip ag an am. Tá an tuarascáil Measúnaithe Leochaileachta Athraithe Aeráide seo mar chuid de na táirgí inchurtha don tionscadal.

Déanann an tuarascáil seo achoimre ar phróiseas agus ar thorthaí Measúnaithe Leochaileachta Aeráide ar Mhaoin Oidhreachta Domhanda Sceilg Mhichíl. Fostaíodh Carrig Conservation ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus ag an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta chun an obair seo a dhéanamh. Ba é an cuspóir measúnú saincheaptha a dhéanamh ar an suíomh bunaithe ar mhodheolaíochtaí Adapt Northern Heritage agus Climate Vulnerability Index chun na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide don Mhaoin Oidhreachta Domhanda agus a luach uilíoch den scoth a aithint agus chun bearta oiriúnaithe féideartha a phlé.

Seoladh an tuarascáil i gCiarraí i mí na Samhna 2025 don phobal a chabhraigh léi a chruthú.

Tuarascáil measúnaithe ar leochaileacht athrú aeráide Sceilg Mhichíl
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat