An Clár um Éadálacha Athláimhe Tithíochta Sóisialta
- Foilsithe: 27 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Samhain 2025
Tá an clár sin dírithe ar thithe a bhí faoi úinéireacht roimhe seo a cheannach chun tacú le daoine agus teaghlaigh atá i gcásanna tithíochta an-deacair.
Tabharfar tús áite dóibh siúd is mó atá i ngátar, lena n-áirítear:
- Daoine atá ag imeacht ó easpa dídine fhadtéarmach
- Daoine atá i mbaol a dtionóntacht reatha a chailleadh
- Daoine faoi mhíchumas
- Daoine breacaosta
- Daoine óga ag imeacht ó chúram
- Tionóntachtaí faoin tionscnamh Tithíocht ar dTús
Maidir le cothú tionóntachtaí, úsáidtear an clár mar rogha dheiridh chun cabhrú le comhairlí cosc a chur ar dhaoine aonair nó ar theaghlaigh a bheith fágtha gan dídean nuair nach bhfuil aon roghanna eile ar fáil.