Seiceáil Oíche
- Foilsithe: 28 Aibreán 2017
 - An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
 
Déanann an chuid is mó de dhaoine seiceáil “An Rud Deireanach san Oíche” ar a dtithe lena chinntiú go bhfuil siad sábháilte ó ghadaí. Ba chóir dúinn “Seiceáil Ghnáthaimh Sábháilteachta Dóiteáin” a dhéanamh fosta. Níor cheart go nglacadh sin ach cúpla nóiméad go díreach ach thiocfadh leis an difear idir Bás agus Beatha a dhéanamh.
Siúl thart ar do theach agus:
- díphlugáil gach fearas leictreach neamhriachtanach agus cas as gach fearas gáis neamhriachtanach san oíche
 - déan cinnte go múchtar gach coinneal agus gach lasair gan chosaint
 - cuir sciath tine os comhair tine oscailte
 - folmhaigh na luaithreadáin go léir
 - seiceáil go bhfuil na bealaí éalaithe saor ó bhacainní ar bith. Tá sé furasta titim sa dorchadas
 - seiceáil go bhfuil na heochracha cearta ar fáil do dhoirse ar bith a mbeadh ort an glas a bhaint díobh
 - dún na doirse ar fad chun leathadh tine agus deataigh a laghdú.
 
National Directorate for Fire and Emergency Management
- Seoladh:
 - Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0