Tithíocht Shóisialta agus Tithíocht ar Cíos de réir Costais
- Foilsithe: 25 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Samhain 2025
Rinne an Coimisiún Tithíochta roinnt moltaí maidir le tithíocht shóisialta agus tithíocht ar cíos de réir costais. Tá dhá cheann díobh sin thar a bheith tábhachtach, agus bheadh athruithe móra ar bheartas, ar dhlí agus ar mhaoiniú ag teastáil dá gcuirfí i bhfeidhm iad:
- Moladh 32: Tithíocht ar cíos de réir costais a thógáil ar scála mór agus í a bheith mar an príomhbhealach chun áiteanna cónaithe ar cíos inacmhainne agus sóisialta araon a sholáthar.
- Moladh 45b: Le himeacht ama, tithíocht shóisialta agus tithíocht ar cíos de réir costais a chomhcheangal i gcóras cíosa inacmhainne amháin. Bheadh an córas sin bunaithe ar chostais a chlúdach, agus d’fhreastalódh sé ar theaghlaigh atá ar ioncam íseal agus ar roinnt teaghlaigh meánioncaim araon.
Chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh na hathruithe sin oibriú, reáchtálfaidh an Roinn Tithíochta tionscadal treo-aimsitheora. Cabhrófar leis an tionscadal sin na hathchóirithe atá riachtanach a aithint agus tástáil a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm.
Tosóidh an tionscadal láithreach, agus beidh sé ag feidhmiú faoin dara ráithe de 2027. Déanfar athbhreithniú air thar thrí bliana, go dtí 2030, agus ullmhófar tuarascáil ina dhiaidh sin le go mbreithneoidh na páirtithe leasmhara go léir í