Tuarascáil maidir le Stádas Tógála Tithíochta Sóisialta R2 2025
- Foilsithe: 20 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 20 Deireadh Fómhair 2025
Léirítear sa Tuarascáil is déanaí maidir le Stádas Tógála go bhfuil 11,557 teach sóisialta idir lámha faoi láthair agus 15,127 teach breise ag an gcéim deartha agus tairisceana. I Ráithe 2 2025, cuireadh 141 scéim tógála nua (2,478 teach) leis an bplean. San iomlán, soláthraíonn an Tuarascáil maidir le Stádas Tógála, sonraí ar 48,969 teach sóisialta nuathógtha thar 2,845 scéim.