Polasaí Acmhainní Teaghlaigh 2026

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Polasaí Acmhainní Teaghlaigh 2026


Cúlra agus Cuspóir an Pholasaí Acmhainní Teaghlaigh
Amharc amharc

Leagtar amach sa pholasaí seo an bealach ina ndéanfaidh údaráis áitiúla measúnú aracmhainní teaghlach iarratasóra ar mhaithe le cumas an teaghlaigh a chóiríocht féin a sholáthar as a acmhainní féin agus, dá réir sin, a incháilitheacht, nó a mhalairt, le haghaidh tacaíocht tithíochta sóisialta a chinneadh.

Leagtar amach an ceanglas chun cloí leis an bpolasaí acmhainní teaghlaigh chun iarratasóirí ar thithíocht shóisialta a mheas i Rialachán 17 de Rialacháin um Measúnú Tithíochta Sóisialta 2011, a fhorálann go ndéanfar ioncam teaghlaigh a ríomh d’fhonn na Rialachán sin, i gcomhréir le treoraíocht scríofa arna eisiúint ag an Aire chuig údaráis áitiúla (dá ngairtear “polasaí acmhainní teaghlaigh” air sna Rialacháin).

Is é an glanioncam an t-ioncam a measúnófar

Is é an tairseach ioncaim an buntomhas chun a chinneadh an bhfuil teaghlach incháilithe le haghaidh tacaíocht tithíochta sóisialta. Déantar cinneadh an gcomhlíonann teaghlach iarratasóra na critéir ioncaim bunaithe ar ríomh a meánioncaim ghlain sa 12 mhí roimhe sin roimh an dáta a bhfuarthas an t-iarratas. Ciallaíonn glanioncam go mbaintear cáin ioncaim, Muirear Sóisialach Uilíoch, ÁSPC agus Ranníocaíocht Aoisliúntais Bhreise (RAB) ón ollioncam inmheasúnaithe ábhartha. Déanfar measúnú ar ioncam gach duine atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn, a áirítear in iarratas ar thithíocht shóisialta, d’fhonn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann teaghlach iarratasóra riachtanais ioncaim.

Ioncam a dhéantar measúnú air agus iarratais ar thithíocht shóisialta á mbreithniú

Faoi réir na n-alt thíos, déanfar measúnú ar na hioncaim seo a leanas d’fhonn incháilitheacht le haghaidh tacaíocht tithíochta sóisialta a mheas;

  • ioncam ó fhostaíocht lena n-áirítear ragobair, bónais agus coimisiúin;
  • measúnófar íocaíochtaí ragoibre, coimisiúin agus bónais mar seo a leanas:
    • ragobair – teoranta go ginearálta d’uasmhéid 10% den bhunioncam, ach féadfar ragobair rialta a chur san áireamh;
    • bónas – teoranta d’uasmhéid 10% den bhunioncam;
    • coimisiún – teoranta d’uasmhéid 30% den bhunioncam, i gcás inarb infheidhme;
  • ioncam ó fhéinfhostaíocht;
  • Íocaíochtaí cothabhála céile (faoi réir na gcritéar atá leagtha amach sna nótaí treoracha);
  • Ioncam ó réadmhaoin ar cíos, díbhinní, infheistíochtaí caipitil agus foinsí eile
  • ioncaim dá samhail;
  • pinsin ceirde nó leasa shóisialaigh, ó cibé foinse, lena n-áirítear ó thíortha thar lear,agus
  • seachas i gcás na n-íocaíochtaí sonracha a liostaítear in alt 4 thíos agus a ndéantar neamhaird díobh, déanfar measúnú ar gach ioncam ó árachas sóisialach agus ó íocaíochtaí, liúntais agus sochair chúnaimh shóisialaigh, lena n-áirítear an Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht.

Ioncam nach bhfuil inmheasúnaithe

D’fhonn ioncam teaghlaigh a mheas chun críocha an pholasaí acmhainní teaghlaigh, féadfaidh údarás áitiúil neamhaird a dhéanamh ar ioncam aonuaire, sealadach nó gearrthéarmach ó thaobh cineáil de agus atá lasmuigh de phatrún rialta ioncam bliantúil an duine.

Déanfar neamhaird d’ioncam ó na foinsí seo a leanas, i ngach cás, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar ioncam:

(a) Íocaíochtaí Cothabhála Leanaí, idir íoctha agus faighte.

(b) Íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialta faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh i ndáil le—

(i) Sochar Linbh

(ii) Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach)

(iii) Íocaíocht Caomhnóra (Neamhranníocach)

(iv) Liúntas Cúramóra, ar ráta iomlán nó ar leathráta

(v) Sochar Cúramóra

(vi) Liúntas Cúraim Baile

(vii) Liúntas Síorfhreastail

(viii) Liúntas Leictreachais nó Gáis

(ix) Liúntas Breosla

(x) Liúntas Tacaíochta Teileafóin

(xi) Méadú as Cónaí ar Oileán Sonraithe

(xii) Liúntas Maireachtála Aonair

(xiii) Forlíonadh Cothaithe

(xiv) Íocaíochtaí faoin Scéim Cúraim Leighis

(xv) An Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair(i) Sochar Linbh

(ii) Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach)

(iii) Íocaíocht Caomhnóra (Neamhranníocach)

(iv) Liúntas Cúramóra, ar ráta iomlán nó ar leathráta

(v) Sochar Cúramóra

(vi) Liúntas Cúraim Baile

(vii) Liúntas Síorfhreastail

(viii) Liúntas Leictreachais nó Gáis

(ix) Liúntas Breosla

(x) Liúntas Tacaíochta Teileafóin

(xi) Méadú as Cónaí ar Oileán Sonraithe

(xii) Liúntas Maireachtála Aonair

(xiii) Forlíonadh Cothaithe

(xiv) Íocaíochtaí faoin Scéim Cúraim Leighis

(xv) An Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair) Sochar Linbh

(ii) Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach)

(iii) Íocaíocht Caomhnóra (Neamhranníocach)

(iv) Liúntas Cúramóra, ar ráta iomlán nó ar leathráta

(v) Sochar Cúramóra

(vi) Liúntas Cúraim Baile

(vii) Liúntas Síorfhreastail

(viii) Liúntas Leictreachais nó Gáis

(ix) Liúntas Breosla

(x) Liúntas Tacaíochta Teileafóin

(xi) Méadú as Cónaí ar Oileán Sonraithe

(xii) Liúntas Maireachtála Aonair

(xiii) Forlíonadh Cothaithe

(xiv) Íocaíochtaí faoin Scéim Cúraim Leighis

(xv) An Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair

(xvi) Sochar/Pinsean Míthreorach

Íocaíochtaí aonuaire nó íocaíochtaí neamhrialta, lena n-áirítear e.g. Deontas Tacaíochta Cúramóra (ar a dtugtaí Deontas Cúraim Faoisimh), Deontas Tacaíochta Oiliúna, Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua, Íocaíocht Riachtanas Eisceachtúla, Íocaíocht Riachtanas Práinneach, Scéim Cúnaimh Dhaonnúil, Deontas Sochraide.

(c) Scéimeanna Fostaíochta Pobail amhail an Clár Fostaíochta Pobail, an Clár um Sheirbhísí don Phobal, an An Clár Socrúcháin Taithí Oibre, an Scéim Sóisialta Tuaithe (SST), Tús; ní chuimsíonn sé seo ach an méid ioncaim de bhreis ar ráta an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh.

(d) Íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialta nó an Roinn Oideachais / an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta nó aon Roinn Rialtais nó Gníomhaireacht Stáit i ndáil le cúrsa oideachais nó oiliúna: ní chuimsíonn sé seo ach an méid ioncaim de bhreis ar ráta an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh.

(e) Íocaíochtaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i ndáil le—

(i) Liúntas Altramais

(ii) Liúntas Leas na nDall

(iii) Liúntas Luaineachta

(f) Íocaíochtaí ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta nó faoi scéimeanna arna gcistiú ag an Roinn sin agus Tusla i ndáil le—

(i) Scéim um Dheontais do Mhic Léinn

(ii) Scéim Teagaisc sa Bhaile

(iii) Liúntas oiliúna Ógtheagmhála

(iv) Liúntas Iarchúraim

(g) Íocaíochtaí a gheofar mar liúntas oiliúna fad a bheifear faoi chúrsa oiliúna athshlánúcháin arna sholáthar ag eagraíocht a cheadaigh an tAire Sláinte.

Na híocaíochtaí ilghnéitheacha seo a leanas:

(h) Íocaíochtaí ó eagraíochtaí carthanachta, ar comhlachtaí iad a bhfuil a ngníomhaíochtaí á seoladh seachas le haghaidh brabúis (ach aon údarás poiblí nó áitiúil a eisiamh) agus ar feidhm dá gcuid iad cabhrú le daoine i ngátar trí dheontais airgid a thabhairt dóibh;

(i) Íocaíochtaí déanta ag Ballstát eile den Aontas Eorpach agus / nó ag an Ríocht Aontaithe (An Comhlimistéar Taistil a chomhfhreagraíonn don Sochar Linbh;

(j) Scoláireachtaí i leith freastal ar chúrsa ceadaithe a sholáthraíonn foras ceadaithe, de réir bhrí alt 7 agus 8 den Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011 (Uimh. 4 de 2011), faoi seach;

(k) Ioncam arna thuilleamh ag leanaí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat