Stádas na nGnáthóg agus na Speiceas AE atá Faoi Chosaint in Éirinn (Imleabhar 1)
- Foilsithe: 11 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 11 Nollaig 2025
De réir Airteagal 17 de Threoir an AE maidir le Gnáthóga, tá sé de cheangal ar gach Ballstát Eorpach stádas caomhnaithe na ngnáthóg agus na speiceas atá liostaithe sa Treoir a thuairisciú gach sé bliana. Rinne an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra achoimre ar an toradh sa tuarascáil forléargais seo dar teideal Stádas na nGnáthóg agus na Speiceas AE atá Faoi Chosaint in Éirinn (Imleabhar 1). Bailíonn an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na measúnaithe seo ar fad i gcoimrí Gnáthóg agus Speiceas (Imleabhair 2 agus 3 faoi seach).