Ainmníodh TÁ an Chóibh mar CBC ar dtús ar an 24 Márta 2017. Athraíodh teorainn TÁ an Chóibh ag tús 2019 chun limistéar ‘Cnocán na Biolraí’ i gCorcaigh a áireamh agus ainmníodh é ina dhiaidh sin ar an 18 Nollaig 2019.
**Ainmníodh TÁ Chill Dara – Droichead Nua mar CBC ar dtús ar an 27 Eanáir 2019. Athraíodh teorainn TÁ Chill Dara – Droichead Nua in 2018 chun Mainistir Eimhín agus Cill Daingin a chur san áireamh agus ina dhiaidh sin chomhlíon limistéar riaracháin Chomhairle Contae Chill Dara, lena n-áirítear Mainistir Eimhín agus Cill Daingin, na critéir nua chun bheith ina Chrios Brú Cíosa ar an 29 Meán Fómhair 2020.
*** Ainmníodh TÁ Dhroichead Átha Tuaithe mar CBC ar dtús ar an 20 Meán Fómhair 2017. Athraíodh teorainn TÁ Dhroichead Átha Tuaithe ar an 31 Eanáir 2019 chun Ceann Chlochair a chur san áireamh agus ina dhiaidh sin measadh gur Crios Brú Cíosa (CBC) an chuid eile de TÁ Dhroichead Átha Tuaithe ar an 17 Deireadh Fómhair 2024 faoi alt 24B de na hAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe 2004–2024.
Tháinig an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2025 i bhfeidhm ar an 20 Meitheamh 2025 chun oibriú na gCriosanna Brú Cíosa (CBCanna) a leathnú agus a méadú chun an tír ar fad a chlúdach go dtí an 28 Feabhra 2026.