Clár na dTithe Tosaigh
- Foilsithe: 26 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Samhain 2025
Tugann Clár na dTithe Tosaigh deis do dhaoine a gcéad teach a cheannach nó a fháil ar cíos. Áirítear ar na tithe seo:
- Tithe nuathógtha ar ardchaighdeán atá deartha do cheannaitheoirí céaduaire
- Réadmhaoin fholamh inacmhainne le tacaíocht le haghaidh athchóirithe
Tá an Rialtas ag infheistiú sa chlár uaillmhianach náisiúnta seo. Faoi Thithe á dTógáil, Pobail á gCothú, is é an sprioc ná 15,000 tacaíocht maidir le Tithe Tosaigh a chur ar fáil gach bliain go dtí 2030, agus oibriú ar réitigh fhadtéarmacha chun tithe tosaigh a dhéanamh níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe.
Tabharfaidh an clár seo na tacaíochtaí uile atá ann faoi láthair le chéile faoi aon scáth amháin, rud a fhágfaidh go mbeidh teacht níos éasca orthu agus go mbeidh siad níos feiceálaí. Trí chur leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, méadóidh sé an soláthar agus feabhsóidh sé inacmhainneacht, agus cabhróidh sé sin leis na mílte eile tús a chur lena n-aistear tithíochta.
Chun seachadadh a dhéanamh níos tapúla agus níos cost-éifeachtaí, déanfaidh an Stát:
- Dearaí agus sonraíochtaí caighdeánaithe a thabhairt isteach do Thithe Tosaigh
- Modhanna Nua-Aimseartha Tógála (MMC) a úsáid ar scála i bhfad níos mó
- Leasuithe pleanála a chur i bhfeidhm chun tacú le dlúthphobail inbhuanaithe
- Tithe a chur ar fáil i bhforbairtí tionachta measctha
Beidh Tithe Tosaigh leagtha amach sa chaoi is go mbeifear ábalta freastal ar riachtanais an chéad tí agus leanfar treoirlínte dea-chleachtais amhail an Lámhleabhar Deartha do Thithíocht Ardchaighdeáin agus Leabhrán Tíopeolaíochta Árasáin an LDA.
Éachtaí Tithíochta Inacmhainne faoi Thithíocht do Chách
- Scéim Cabhair le Ceannach: Tá tacaíocht tugtha do 59,000 teaghlach ó seoladh é
- Scéim an Chéad Tí: Tá tacaíocht tugtha do bheagnach 8,400 ceannaitheoir tí
- Iasachtaí Tithíochta na nÚdarás Áitiúil: Tá cúnamh tugtha do 1,028 teaghlach ó 2022
- Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh: Breis agus 14,900 iarratas faighte
- Scéim Ceannaigh Inacmhainne na nÚdarás Áitiúil: Breis agus 1,950 teach curtha ar fáil
- Tithíocht ar Cíos de réir Costais: Thart ar 4,500 teach curtha ar fáil
Cad atá le teacht?
Tá an Rialtas tiomanta do Thithe Tosaigh ar ardchaighdeán, inacmhainne a chur ar fáil go tapa, ag tacú le daoine atá ag cur tús lena n-aistear tithíochta agus ag feabhsú inacmhainneacht ar fud an mhargaidh.
Cinnteoidh feachtas cumarsáide nua go mbeidh gach duine ar an eolas faoin réimse tacaíochtaí agus deiseanna atá ar fáil.