Na Dlíthe Easpa Dídine a Neartú
- Foilsithe: 24 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 24 Samhain 2025
Tá Acht na dTithe 1988 á nuashonrú ag an Rialtas chun é a dhéanamh níos láidre agus níos éifeachtaí chun cabhrú le daoine atá gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean.
Cad atá ag athrú?
- Rialacha níos soiléire d'Údaráis Áitiúla
Cuirfidh an dlí nuashonraithe treoir níos fearr mar aon le creat dlíthiúil níos láidre ar fáil do chomhairlí áitiúla chun cabhrú leo cinntí cothroma a dhéanamh faoi cé a cháilíonn do thithíocht shóisialta agus cóiríocht éigeandála. - Béim ar Leas na bPáistí
Cinnteoidh an dlí nua, nuair a dhéantar cinntí faoi thithíocht do theaghlaigh atá gan dídean, go ndéantar leas na bpáistí a mheas i gcónaí. - Tacaíocht Chomhsheasmhach ar fud na tíre
Gheobhaidh údaráis áitiúla treoir shoiléir lena chinntiú go ndéantar measúnuithe agus cinntí go cothrom agus go comhsheasmhach, is cuma cá bhfuil duine ina chónaí.