Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ról na gComhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCTanna) a Neartú


Is príomh-chomhpháirtithe iad Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCTanna) i dtaca le tithíocht shóisialta agus inacmhainne a sholáthar. Le blianta beaga anuas, tá siad freagrach as thart ar leath de na tithe sóisialta nua uile a sholáthar, rud a chabhraíonn le freastal ar riachtanais phráinneacha tithíochta.

Athchóiriú na hEarnála

Chun cabhrú le fás na CCTanna agus chun níos mó tithe a sholáthar, tá an méid seo a leanas ar siúl ag an Rialtas:

  • Tacú le plean fadtéarmach don earnáil, arna fhorbairt trí Fhóram Straitéiseach na gComhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCT) agus ionchur ó phríomhpháirtithe leasmhara.
  • Treochlár athchóirithe a chur i bhfeidhm chun CCTanna a dhéanamh níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos athléimní.
  • Cur le scéimeanna maoinithe rathúla amhail an tSaoráid Réamhíocaíochta agus Léasaithe Caipitil (CALF) a chuidigh le tithe a sheachadadh ar fud gach ceantar údaráis áitiúil.

Acmhainn agus Speisialtóireacht a Mhéadú

Ba mhaith leis an Rialtas go mbainfeadh CCTanna an méid seo a leanas amach:

  • A gcumas níos mó tithe a sholáthar a mhéadú, lena n-áirítear tithíocht speisialaithe do dhaoine a bhfuil riachtanais shonracha acu.
  • Athstruchtúrú agus cumasc nuair is iomchuí chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus scála níos mó a bhaint amach.
  • Díriú níos mó ar thithe a thógáil go díreach, seachas brath ar fhorbraíochtaí atá curtha i gcrích a cheannach (tithe lándéanta).

Bacainní a Bhaint agus Tacú le Fás

Chun cabhrú le CCTanna spriocanna tithíochta amach anseo a bhaint amach, déanfaidh an Rialtas an méid seo a leanas:

  • • Aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna seanbhunaithe amhail fiachas agus samhlacha maoinithe atá as dáta a chuireann teorainn le seachadadh.
  • • Samhail ‘glao ar thograí’ a chur i bhfeidhm chun luach níos fearr d’infheistíocht phoiblí agus réitigh thithíochta níos saincheaptha a chinntiú.
  • • An Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (GAT) agus an tÚdarás Rialála CCT a neartú chun rialachas láidir a chinntiú de réir mar a fhásann an earnáil.

Pleanáil agus Tacaíocht Níos Soiléire

Le Pleananna Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta d’Údaráis Áitiúla níos mionsonraithe, beidh muinín ag CCTanna infheistíocht a dhéanamh i bhfoireann, i gcórais agus i seachadadh díreach - rud a chuirfidh ar a gcumas ról níos mó fós a bheith acu maidir le dul i ngleic le dúshláin tithíochta na hÉireann.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat