Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tacaíocht a Thabhairt d’Údaráis Áitiúla chun Tuilleadh Tithe Sóisialta a Thógáil

Tá ról lárnach ag údaráis áitiúla i dtógáil tithíochta sóisialta nuaí. Chun cabhrú leo é sin a dhéanamh, déanfaidh an Rialtas an méid seo a leanas:

  • • Foirne tiomnaithe ‘tógála nuaí’a mhaoiniú i ngach údarás áitiúil. Díreoidh na foirne sin ar thithíocht shóisialta agus inacmhainne a sheachadadh amháin.
  • • Maoiniú bunaithe ar fheidhmíocht a sholáthar chun seachadadh láidir a spreagadh.

Údaráis Áitiúla a Spreagadh chun Níos Mó Tógála a Dhéanamh

Chun an spleáchas ar sheachadadh ón earnáil phríobháideach a laghdú, ba mhaith leis an Rialtas go dtógfadh údaráis áitiúla níos mó tithe go díreach. Tabharfar luach saothair as ciste feidhmíochta nua do chomhairlí a sháraíonn a spriocanna bliantúla trí mhaoiniú breise a thabhairt dóibh do thionscadail phobail áitiúla.

Dul Chun Cinn a Rianú

Ó 2025 i leith, tá figiúirí iarbhír seachadta tithíochta ó gach údarás áitiúil á bhfoilsiú ag an Roinn Tithíochta. Eisítear na tuarascálacha sin go ráithiúil agus go bliantúil chun trédhearcacht a chinntiú agus chun aird a tharraingt ar na háiteanna is mó ina bhfuil gá le feabhsuithe.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat