Tacú le Soláthraithe Fóntais
- Foilsithe: 27 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Samhain 2025
Chun níos mó tithe a thógáil, teastaíonn bonneagar láidir uainn. Tá an Rialtas ag méadú infheistíochta i:
- Líonraí leictreachais EirGrid agus Líonraí BSL
- Seirbhísí uisce agus fuíolluisce trí Uisce Éireann
Táimid ag déanamh seachadadh bonneagair níos tapúla agus níos éifeachtaí freisin trí:
- Struchtúir a athchóiriú agusbacainní a bhaint
- Tacú le gníomhaireachtaí atá freagrach as forbairt bonneagair
Foilseoidh Tascfhórsa neamhspleách, faoi stiúir na Roinne Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digitithe, Plean Gníomhaíochta go luath chun dul i ngleic le moilleanna agus chun seachadadh a fheabhsú. Cinnteoidh an plean seo go ndéanfar an infheistíocht mhór sa Phlean Forbartha Náisiúnta a mheaitseáil le himscaradh níos tapúla ar bhonneagar riachtanach chun tacú le tithíocht.
EirGrid, agus Líonraí BSL;: Tithe Nua a Chumhachtú
Teastaíonn a dhá oiread leictreachais ó gach teach nua a tógadh inniu agus atá ó thithe a tógadh roimh 2019. Ciallaíonn sé seo, in éineacht le dúshláin aeráide amhail drochaimsir, go gcaithfear líonra leictreachais na hÉireann aleathnú agus a neartú chun tacú le 300,000 teach a sheachadadh.
Pleanáil Chun Tosaigh
Chun coinneáil suas leis an éileamh, teastaíonn faisnéis shoiléir ó EirGrid agus Líonraí BSL maidir le cá háit agus cathain a thógfar tithíocht nua. Cuirfidh údaráis áitiúla tosaíochtaí bonneagair rangaithe ar fáil anois i réimsí an fhuinnimh, an iompair, an uisce agus na cumarsáide.
Infheistíocht Mhór
Cuimsíonn an Plean Forbartha Náisiúnta nuashonraithe:
- €3.5 billiún i maoiniú cothromais do bhonneagar eangaí faoi 2030.
- Cabhróidh an maoiniú seo le EirGrid agus Líonraí BSL caipiteal breise a bhailiú go hidirnáisiúnta chun a bpleananna leathnaithe a mhaoiniú.
Cinnteoidh na hinfheistíochtaí seo go mbeidh líonra leictreachais na hÉireann iontaofa, athléimneach agus réidh don todhchaí.
Uisce Éireann: Infheistiú i Seirbhísí Uisce do Thithíocht
Cuimsíonn an Plean Forbartha Náisiúnta nuashonraithe infheistíocht taifeadta de €12.2 billiún in earnáil uisce na hÉireann. As seo, cuirfidh Uisce Éireann €11.7 billiún ar fáil chun tacú le tionscadail mhóra i gcathracha agus i réigiúin. Déanfaidh an infheistíocht sin an méid seo a leanas:
- An acmhainn bhreise uisce agus fuíolluisce a theastaíonn le haghaidh tithíochta nua a sholáthar.
- Sláinte an phobail agus an comhshaol a chosaint.
Ag Obair le Forbróirí
Tá ról tábhachtach ag an earnáil phríobháideach maidir le seirbhísí uisce a leathnú in éineacht le tithíocht nua. Tugann socruithe reatha deis d’fhorbróirí:
- Píopaí uisce a leagan ag baint úsáid as conraitheoirí creidiúnaithe ag Uisce Éireann.
- Áiseanna réamhchóireála sealadacha a shuiteáil a nascann le líonraí séarachais atá ann cheana féin, rud a chuirfidh ar chumas tionscadal tithíochta dul ar aghaidh fad is a bheidh uasghráduithe buana curtha i gcrích.
Pleananna don Todhchaí
Tá bearta á bhforbairt ag an Rialtas chun ligean d’fhorbróirí gléasraí cóireála fuíolluisce neamhspleácha a thógáil chun acmhainn a mhéadú. Tá na moltaí seo ag céim chun cinn agus déanfaidh siad an méid seo a leanas:
- Soláthar tithíochta breise a dhíghlasáil.
- Athruithe rialála a éileamh le haghaidh údaruithe urscaoilte.
- Socruithe a chur san áireamh chun bonneagar a aistriú chuig Uisce Éireann.