Tarscaoileadh Rátaí Tráchtála mar gheall ar Covid-19
I rith phaindéim Covid-19, chuir an Rialtas tacaíocht shuntasach gan fasach ar fáil d'íocóirí rátaí, i bhfoirm tarscaoileadh rátaí tráchtála.
Cuireadh tarscaoileadh i bhfeidhm ar chuntais íocóirí rátaí mar chreidmheasanna in ionad rátaí tráchtála.
Ní raibh gá le hiarratais ó íocóirí rátaí. Chuir údaráis áitiúla creidmheas 100% i bhfeidhm in ionad rátaí tráchtála do thréimhse ábhartha na scéime tarscaoilte d'íocóirí rátaí incháilithe.
Tarscaoileadh rátaí tráchtála in 2020
Le haghaidh an tarscaoilte atá i bhfeidhm le haghaidh naoi mí de 2020, tarscaoileadh rátaí tráchtála dar luach €729m le haghaidh breis is 120k íocóir rátaí.
Cuireadh tarscaoileadh 100% i bhfeidhm le haghaidh gach gnó seachas líon beag catagóirí: bainc; cuideachtaí fóntais; ollmhargaí móra; agus cuideachtaí corparáideacha den chuid is mó. Is í an réasúnaíocht atá le catagóirí áirithe d'íocóirí rátaí a eisiamh nach raibh tionchar chomh suntasach céanna ag an bpaindéim orthu, mar aon leis an ngá acmhainní a úsáid go cuí. Rinneadh foráil, áfach, le haghaidh gnóthaí sna catagóirí eisiata chun léargas a thabhairt ar an tionchar díobhálach a bhí ag an bpaindéim orthu leis an údarás áitiúil ábhartha agus an tarscaoileadh a éileamh.
Tarscaoileadh rátaí tráchtála in 2021
Scéim ar leith ba ea scéim tarscaoilte rátaí Ráithe 1 - Ráithe 3 2021 a raibh critéir incháilitheachta níos teoranta luaite léi i gcomparáid le scéim tarscaoilte rátaí 2020. Le haghaidh an tarscaoilte a bhí i bhfeidhm don tréimhse idir Ráithe 1 agus Ráithe 3 2021, tarscaoileadh rátaí tráchtála dar luach €424m le haghaidh breis is 70k íocóir rátaí.
Bhí scéim tarscaoilte rátaí 2021 dírithe ar na gnóthaí a raibh an tionchar is díobhálaí ag na srianta orthu. Cuireadh incháilitheacht uathoibríoch ar fáil don earnáil fáilteachais lena n-áirítear óstáin, tithe tábhairne agus bialanna, ionaid fóillíochta agus siamsaíochta, seirbhísí pearsanta cosúil le gruagairí agus bearbóirí, agus earnálacha éagsúla eile. Ní raibh catagóirí de mhaoin tráchtála, cosúil le hoifigí, áitreabh tionsclaíoch, bainc, cumainn foirgníochta agus comhair chreidmheasa incháilithe go huathoibríoch, ach d'fhéadfaidís cáiliú dá bhféadfaidís fianaise a sholáthar dá n-údarás áitiúil lena léiriú an tionchar tromchúiseach a bhí ag an bpaindéim orthu.
Bhain tarscaoileadh rátaí Ráithe 4 2021 le catagóirí maoine i réimsí cosúil le fáilteachas, lena n-áirítear tithe tabhairne agus bialanna, ionaid siamsaíochta agus fóillíochta, maoin turasóireachta áirithe agus aerfoirt.
Le haghaidh an tarscaoilte níos teoranta a bhí i bhfeidhm i Ráithe 4 2021, tarscaoileadh rátaí tráchtála dar luach €61.5m le haghaidh díreach os cionn 20k íocóir rátaí. Bhí an figiúr iomlán le haghaidh 2021 cothrom le €485.3m.
Tarscaoileadh rátaí tráchtála in 2022
Ar an 6 Nollaig 2021 chomhaontaigh an Rialtas síneadh a chur le tarscaoileadh spriocdhírithe Ráithe 4 2021, de réir na dtéarmaí céanna chun Ráithe 1 2022 a chlúdach.
Le haghaidh an tarscaoilte a bhí i bhfeidhm le haghaidh Ráithe 1 2022, tarscaoileadh rátaí tráchtála dar luach €61.7m le haghaidh breis is 20k íocóir rátaí.
Tarscaoilte rátaí iomlán ceadaithe le haghaidh 9 mí de 2020
Údarás Áitiúil
Méid Tarscaoilte
Íocóirí Rátaí
Comhairle Contae Cheatharlach
€7,620,221.00
1,945
Comhairle Contae an Chabháin
€5,968,334.74
1,661
Comhairle Contae an Chláir
€13,779,572.03
3,321
Comhairle Cathrach Chorcaí
€54,540,035.11
8,166
Comhairle Contae Chorcaí
€34,727,284.88
9,094
Comhairle Contae Dhún na nGall
€14,972,182.90
4,155
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
€159,340,103.45
18,775
Comhairle Contae Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin
€44,564,085.82
4,914
Comhairle Contae Fhine Gall
€81,035,615.29
5,894
Comhairle Cathrach na Gaillimhe
€21,149,487.21
3,478
Comhairle Contae na Gaillimhe
€10,272,690.32
3,508
Comhairle Contae Chiarraí
€18,238,517.05
4,231
Comhairle Contae Chill Dara
€22,018,093.52
4,001
Comhairle Contae Chill Chainnigh
8,641,952.50
2,268
Comhairle Contae Laoise
€5,878,614.62
1,394
Comhairle Contae Liatroma
€1,733,600.88
591
Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh
€24,884,005.20
4,518
Comhairle Contae an Longfoirt
€4,003,797.34
945
Comhairle Contae Lú
€19,432,672.89
3,237
Comhairle Contae Mhaigh Eo
€13,090,158.31
3,330
Comhairle Contae na Mí
€18,623,071.65
3,562
Comhairle Contae Mhuineacháin
€6,137,861.96
1,934
Comhairle Contae Uíbh Fhailí
€4,668,816.34
1,674
Comhairle Contae Ros Comáin
€4,014,759.00
1,421
Comhairle Contae Shligigh
€5,469,375.08
1,503
Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas
€59,229,297.79
6,740
Comhairle Contae Thiobraid Árann
€12,493,094.90
2,547
Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge
€14,920,084.37
3,563
Comhairle Contae na hIarmhí
€8,221,947.50
2,007
Comhairle Contae Loch Garman
€15,997,679.49
3,434
Comhairle Contae Chill Mhantáin
€13,329,698.37
3,520
Iomlán
€728,996,711.51
121,331
Tarscaoileadh rátaí iomlán ceadaithe in 2021
Údarás Áitiúil
Méid Tarscaoilte
Íocóirí Rátaí Ráithe 1 - Ráithe 3
Íocóirí Rátaí Ráithe 4
Comhairle Contae Cheatharlach
€4,800,713.00
961
279
Comhairle Contae an Chabháin
€4,014,555.77
1,197
328
Comhairle Contae an Chláir
€11,481,993.18
2,055
773
Comhairle Cathrach Chorcaí
€35,570,585.14
4,082
1,139
Comhairle Contae Chorcaí
€19,103,094.42
5,123
1,640
Comhairle Contae Dhún na nGall
€11,968,433.17
2,898
998
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
€100,446,403.37
9,169
2,579
Comhairle Contae Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin
€29,775,432.74
2,598
476
Comhairle Contae Fhine Gall
€63,528,689.40
2,576
666
Comhairle Cathrach na Gaillimhe
€17,362,745.53
2,059
573
Comhairle Contae na Gaillimhe
€7,261,649.54
2,381
671
Comhairle Contae Chiarraí
€16,678,277.57
3,003
1,163
Comhairle Contae Chill Dara
€15,104,662.78
2,455
609
Comhairle Contae Chill Chainnigh
€6,015,420.76
1,307
430
Comhairle Contae Laoise
€3,781,039.05
990
264
Comhairle Contae Liatroma
€1,326,443.97
517
196
Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh
€16,001,322.07
3,023
1,112
Comhairle Contae an Longfoirt
€3,080,944.56
626
158
Comhairle Contae Lú
€10,516,433.36
2,065
442
Comhairle Contae Mhaigh Eo
€10,031,054.28
2,391
711
Comhairle Contae na Mí
€10,042,446.05
2,101
601
Comhairle Contae Mhuineacháin
€3,697,015.31
963
249
Comhairle Contae Uíbh Fhailí
€3,147,667.50
1,060
271
Comhairle Contae Ros Comáin
€3,022,785.75
928
271
Comhairle Contae Shligigh
€4,314,995.03
990
329
Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas
€27,687,396.15
2,263
435
Comhairle Contae Thiobraid Árann
€7,669,131.94
2,608
699
Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge
€10,250,285.08
2,027
567
Comhairle Contae na hIarmhí
€6,613,022.56
1,649
413
Comhairle Contae Loch Garman
€12,367,364.29
2,389
633
Comhairle Contae Chill Mhantáin
€8,635,573.55
1,856
463
Iomlán
€485,297,576.87
70,310
20,138
Tarscaoileadh rátaí iomlán ceadaithe i Ráithe 1 2022