Tacaíochtaí do vótálaithe

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tacaíochtaí do vótálaithe


An vótálaí tú a bhfuil tinneas coirp nó míchumas fisiciúil ort?

Beidh fothoghcháin ar siúl Dé hAoine an 22 Bealtaine 2026 chun folúntais a líonadh i gcomhaltas Dháil Éireann do dháilcheantair Bhaile Átha Cliath Lár agus Ghaillimh Thiar. Beidh an vótáil ar siúl ó 7 a.m. go 10 p.m. Tá tacaíocht ar fáil chun cabhrú leat páirt a ghlacadh i bhfothoghcháin na Dála.

Ionaid vótaíochta inrochtana

Má tá tú faoi mhíchumas fisiciúil agus má tá deacracht agat rochtain a fháil ar do stáisiún vótála áitiúil is féidir leat iarraidh do vóta a aistriú chuig stáisiún vótála níos inrochtana i do thoghcheantar tráth nach déanaí ná seacht lá roimh lá na vótaíochta. Téigh i dteagmháil le do Cheann Comhairimh áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil.

Teimpléid Páipéir Ballóide

Má tá tú dall nó má tá lagamharc ort, is féidir leat vótáil go neamhspleách trí úsáid a bhaint as Teimpléad Páipéir Ballóide, a bheidh ar fáil ag gach ionad vótaíochta.

Do vótálaithe ar mian leo an teimpléad a úsáid ag corrthoghchán ar an Aoine, 22 Bealtaine, tá sonraí iarrthóirí agus a n-ord ar an bpáipéar ballóide le fáil trí ghlaoch ar na huimhreacha saorghlao a leanas:

1 - Íomhá de Theimpléad Páipéir Ballóide
1 - Íomhá de Theimpléad Páipéir Ballóide

Vótáil le Compánach

Má tá tú faoi lagamharc chomh tromchúiseach sin, nó má tá tú faoi mhíchumas coirp nó mura bhfuil tú in ann léamh ná scríobh sa mhéid agus nach bhfuil tú in ann vótáil gan chúnamh, féadfaidh compánach do pháipéar ballóide a mharcáil duit.

Chun a bheith mar chompánach:

  • ní mór don duine a bheith sé bliana déag d’aois ar a laghad
  • níor cheart don duine a bheith ina (h)iarrthóir ná ina g(h)níomhaire iarrthóra, agus
  • ní fhéadfaidh sé/sí cabhrú le níos mó ná beirt toghthóirí ag toghchán.

Mura bhfuil duine incháilithe chun feidhmiú mar do chompánach, is féidir leat iarraidh ar dhuine eile gníomhú mar do chompánach nó féadfaidh an tOifigeach Ceannais cúnamh a thabhairt duit.

Vótáil tríd an bPost

I gcásanna nach féidir leat dul chuig an ionad vótaíochta mar gheall ar mhíchumas nó ar bhreoiteacht, is féidir leat vótáil tríd an bpost trí iarratas a dhéanamh chun a bheith ar liosta na vótálaithe poist. Is iad na húdaráis chlárúcháin a ullmhaíonn agus a choinníonn é sin mar chuid de chlár na dtoghthóirí. Is féidir iarratas chun clárú ar liosta na vótálaithe poist a dhéanamh am ar bith ach tú a bheith incháilithe le do chur ar liosta na vótálaithe poist. Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil le bheith ar liosta na vótálaithe poist ná:

  • le haghaidh olltoghcháin, 2 lá tar éis lánscor na Dála
  • i gcás fothoghcháin Dála, 2 lá tar éis Ordú Lá Vótaíochta a dhéanamh
  • i gcás toghcháin nó reifrinn eile, 22 lá roimh lá na vótaíochta (gan Domhnaigh, Aoine an Chéasta agus laethanta saoire poiblí a áireamh)

I gcás ina bhfaighfear iarratas tar éis an ama sin, ní bheidh aon éifeacht aige don imeacht toghcháin sin.

Chun iarratas a dhéanamh ar vóta poist, téigh chuig www.checktheregister.ie

Vótáil speisialta

Má tá cónaí ort in ospidéal, i dteach altranais, i saoráid mheabhairshláinte nó i saoráid dá leithéid agus mura bhfuil tú ábalta dul chuig d’ionad vótála de bharr tinnis nó míchumais, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun tú a chur ar liosta na vótálaithe speisialta. Cuireann sé sin ar do chumas vótáil san áit ina bhfuil cónaí ort. I gcás an chéad iarratais, agus aon uair a éilíonn na húdaráis chlárúcháin é i gcás iarratas ina dhiaidh sin, ní mór deimhniú ó liachleachtóir cláraithe (amhail liachleachtóir ginearálta) a bheith ag gabháil leis.

Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil le bheith ar liosta na vótálaithe speisialta ná:

  • le haghaidh olltoghcháin, 2 lá tar éis lánscor na Dála
  • i gcás fothoghcháin Dála, 2 lá tar éis Ordú Lá Vótaíochta a dhéanamh
  • i gcás toghcháin nó reifrinn eile, 22 lá roimh lá na vótaíochta (gan Domhnaigh, Aoine an Chéasta agus laethanta saoire poiblí a áireamh)

I gcás ina bhfaighfear iarratas tar éis an ama sin, ní bheidh aon éifeacht aige don imeacht toghcháin sin.

Chun iarratas a dhéanamh ar vóta speisialta téigh chuig www.checktheregister.ie

Tuilleadh eolais le haghaidh vótálaithe atá faoi mhíchumas agus vótálaithe a bhfuil tacaíochtaí de dhíth orthu.

Sonraí Teagmhála na gCeann Comhairimh.

I dtoghcháin Dála, bíonn Cinn Chomhairimh freagrach as na nithe seo a leanas:

  • ainmniúcháin iarrthóirí a fháil agus rialú a dhéanamh orthu
  • eagrú na vótaíochta, priontáil na bpáipéar ballóide agus comhaireamh na vótaí i ngach dáilcheantar
  • cárta faisnéise vótaíochta a sheoladh chuig gach vótálaí, agus a n-uimhir ar chlár na dtoghthóirí agus an stáisiún vótála inar féidir leo vóta a chaitheamh a chur in iúl dóibh
  • na socruithe riachtanacha a dhéanamh le haghaidh vótála ag vótálaithe poist agus speisialta.

Beidh comhaireamh na vótaí d’fhothoghchán na Gaillimhe Thiar ar siúl ag Club Leadóige Léana na Gaillimhe, Bóthar na Trá, Gaillimh.

Beidh comhaireamh na vótaí d’fhothoghchán Bhaile Átha Cliath Láir ar siúl ag Hallaí 8A & B, RDS, Cúirt Shíomóin, Baile Átha Cliath 4.

Le haghaidh tuilleadh sonraí, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Cheann Comhairimh ábhartha.

Téigh i dteagmháil le do Cheann Comhairimh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat