Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tionscadail Shamplacha



Ceathrú na Mainistreach i gCill Chainnigh

A bhuí le maoiniú CAFU de €19.9m, beidh Ceathrú na Mainistreach i gCill Chainnigh ina ceathrú uirbeach bhríomhar nua i gcroílár na cathrach meánaoisí. Soláthrófar suíomh gnó den scoth leis an gceathrú nua le haghaidh cuideachtaí sa tóir ar nascacht dhomhanda iontach agus an cumas tallann d’ardchaighdeán a mhealladh. Beartaítear leis an bhforbairt ceathrú uirbeach ilchineálach a chruthú lena n-áirítear áiseanna oifige, cónaithe, óstáin, miondíola áitiúil agus oideachais. Le haghaidh tuilleadh eolais féach https://abbeyquarter.ie/


Na Céanna Thuaidh i bPort Láirge

Is tionscadal comhpháirtíochta suntasach bonneagair phoiblí é seo idir Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus Iarnród Éireann chun rochtain a sholáthar ar CFS na gCéanna Thuaidh ar an taobh thuaidh den tSiúir agus chun nascadh le lár chathair Phort Láirge atá ann cheana ar an taobh ó dheas den Abhainn. Tacóidh maoiniú CAFU de €110m le 3 thionscadal atá dírithe ar iompar a fhorbairt, agus é mar aidhm acu tuilleadh rochtana iompair chomhtháite ar an gCathair a sholáthar. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo Na Céanna Thuaidh i bPort Láirge agus is féidir é a fheiceáil anseo trí phíosa scannánaíochta dróin den tógáil


Cluain Buiríosa

Is é atá i gceist le tionscadal CAFU i gCluain Buiríosa ná bonneagar straitéiseach criticiúil sa bhreis a sholáthar a mbeidh bunriachtanach i leith tuilleadh forbartha iomchuí ar an suíomh uathúil agus casta seo. Le maoiniú CAFU de €186.3 milliún, cumasófar an fhorbairt ar cheann de na láithreáin forbartha is tábhachtaí ó thaobh na straitéise de sa tír, lena mbaineann 280 heicteár de Láithreáin Úrnua chriosaithe agus rochtain iarnróid ar lár Chathair Bhaile Átha Cliath (faoi cheann níos lú ná 15 nóiméad). Leis an maoiniú, beifear in ann baile úrnua a thógáil in iarthar Bhaile Átha Cliath, an chéad tionscadal dá leithéid le glúin anuas. Le haghaidh tuilleadh eolais féach https://clonburris.ie/


Ceathrú Nuálaíochta Bhéal an Átha

Mar chuid den Tionscadal críochnaithe seo de chuid CAFU, athfhorbraíodh agus caomhnaíodh Dún Míleata Bhéal an Átha, struchtúr atá faoi chosaint, agus cruthaíodh Ceathrú Nuálaíochta nua mar spreagadh le haghaidh athnuachan uirbeach sa bhaile. A bhuí le maoiniú CAFU de €6.7m, beidh mol nuálaíochta digití / fiontraíochta (comhoibriú idir Comhairle Contae Mhaigh Eo agus Acmhainní Ghleann na Muaidhe) san áis úrscothach seo. Taispeántar an tionscadal críochnaithe san fhíseán seo