Toghcháin Áitiúla
- Foilsithe: 23 Iúil 2018
- An t-eolas is déanaí: 30 Meitheamh 2025
- Cé atá in ann Vótáil:
- Toghlimistéir Áitiúla
- Teorainneacha Caiteachais agus Tabhartas d’Iarrthóirí
- Torthaí na dToghchán Áitiúil, 2019
Reáchtáiltear toghcháin áitiúla in Éirinn gach cúig bliana. Toghann vótálaithe Comhairleoirí chun ionadaíocht a dhéanamh orthu ar a gcomhairle. Tá 31 comhairle in Éirinn. Is Comhairlí Contae, Cathrach nó Cathrach agus Contae iad.
Reáchtáladh na toghcháin áitiúla is déanaí ar an 7 Meitheamh 2024. Beidh torthaí oifigiúla na dtoghchán sin ar fáil ar an suíomh gréasáin seo go luath. Beidh na chéad toghcháin áitiúla eile ar siúl i mí na Bealtaine nó i mí an Mheithimh 2029.
Tá an lá vótaíochta mar an gcéanna i ngach cearn den tír. Déanann an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ordú chun lá na vótaíochta a shocrú. Socraíonn an t-ordú an tréimhse vótála freisin, a chaithfidh a bheith ina tréimhse 12 uair an chloig ar a laghad idir 07:00am agus 10:30pm.
Déanann Ceann Comhairimh an Údaráis Áitiúil an toghchán a stiúradh do gach údarás áitiúil. Íocann gach údarás áitiúil an costas a bhaineann leis an toghchán a reáchtáil.
Tá tuilleadh eolais (i réimse teangacha éagsúla) ar fáil sa bhileog eolais - Conas mar a thoghtar Comhaltaí d’Údaráis Áitiúla.
Cé atá in ann Vótáil:
Tá duine d’aon náisiúntacht, atá 18 mbliana d’aois nó níos sine, agus atá san áireamh i gClár na dToghthóirí ar lá na vótála, i dteideal vótáil i dtoghcháin áitiúla.
Toghlimistéir Áitiúla
Tá gach comhairle contae, cathrach agus cathrach agus contae roinnte ina toghcheantair áitiúla. Toghtar comhaltaí na n-údarás áitiúil iontu sin. Tá Toghlimistéir Áitiúla agus an líon comhaltaí atá le toghadh i ngach ceann acu sonraithe in ionstraim reachtúil do gach Limistéar Údaráis Áitiúil. Is in 2018 agus in 2019 is déanaí a rinneadh na hionstraimí reachtúla sin.
Is féidir léarscáileanna ina dtaispeántar na toghcheantair áitiúla a fháil ar shuíomh gréasáin An Choimisiúin Toghcháin.
Teorainneacha Caiteachais agus Tabhartas d’Iarrthóirí
Caiteachas
Tugadh isteach teorainneacha ar chostais den chéad uair le haghaidh na dtoghchán áitiúil in 2009 faoin Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caitheachas a Nochtadh) 1999 agus rinneadh leasú orthu le haghaidh thoghcháin áitiúla 2024 chun na hathruithe sa phraghasinnéacs tomhaltóirí a léiriú.
Braitheann an teorainn ar dhaonra an toghlimistéir áitiúil, mar a leanas -
Daonra an Toghlimistéir Áitiúil agus Teorainn Caiteachais Iarrthóra
Toghlimistéar Áitiúil | Teorainn Caiteachais Iarrthóra | |
Daonra os cionn 35,000 | 15,350 Euro | |
Daonra idir 18,001 agus 35,000 | 13,600 Euro | |
Daonra 18,000 nó níos lú | 11,500 Euro |
Meastar go huathoibríoch go bhfuil 10% dá dteorainn chaiteachais á dháileadh ag iarrthóirí a ainmníonn páirtí polaitíochta ar ghníomhaire náisiúnta an pháirtí. Mar shampla, mheasfaí go leithdháilfeadh iarrthóir páirtí ag a bhfuil teorainn 15,350 euro 1,535 euro go huathoibríoch lena úsáid ag an bpáirtí. Dá bhrí sin, is é 13,815 euro an teorainn éifeachtach a bheadh leo. Is féidir an figiúr 10% a mhéadú nó a laghdú le comhaontú scríofa idir an t-iarrthóir agus gníomhaire náisiúnta.
Ní mór caiteachas toghcháin a thabhaítear le linn tréimhse roimh an toghchán a thuairisciú don údarás áitiúil lena mbaineann, agus ní mór nach rachaidh sé thar an teorainn shonraithe. Tá dáta tosaithe na tréimhse chaiteachais leagtha amach in ordú arna dhéanamh ag an Aire roimh an toghchán. Caithfidh sé tosú idir 50 agus 60 lá roimh lá na vótála.
Tabhartais
Tá feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le tabhartais
- Is é 1,000 euro an t-uasmhéid ar féidir le comhalta údaráis áitiúil nó iarrthóir toghcháin áitiúil glacadh leis sa bhliain féilire chéanna ón bhfoinse chéanna.
- Ní mór sonraí na dtabhartas a sháraíonn 600 euro a nochtadh sa ráiteas a dhéantar leis an údarás áitiúil.
- Ní mór d’iarrthóir nó do chomhalta d’údarás áitiúil a fhaigheann tabhartas airgeadaíochta is mó ná 100 euro cuntas tabhartas polaitiúil a oscailt agus a choinneáil in institiúid airgeadais.
Tá roinnt tabhartas teoranta.
- Tá toirmeasc ar thabhartas a ghlacadh ó fhoinse anaithnid atá níos mó ná 100 euro.
- Tá cosc ar shíntiúis airgid thirim a sháraíonn 200 euro a fháil freisin.
Tá rialacha sonracha ann lena gcumhdaítear tabhartais chorparáideacha ar mó iad ná 200 euro:
- Ní mór don deontóir a bheith cláraithe leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí; agus
- Ní mór don deontóir fianaise a sholáthar gur cheadaigh an comhlacht corparáideach an tabhartas.
Tá treoirlínte maidir leis na rialacha caiteachais agus tabhartas atá i bhfeidhm i dtoghcháin áitiúla ar fáil ó gach údarás áitiúil.
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil sa reachtaíocht ábhartha, lena n-áirítear an tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh) 1999.
Torthaí na dToghchán Áitiúil, 2019
Tá torthaí na dtoghchán ar fáil ag Toghcháin Áitiúla 2019 – Torthaí, Aistriú na Vótaí agus Staitisticí.