English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Toghcháin Eorpacha


Beidh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ar siúl Dé hAoine, an 7 Meitheamh 2024 idir 07:00am agus 10:00pm.

Toghfaidh vótálaithe in Éirinn 14 FPE (MEP) in 2024, duine amháin níos mó ná mar a bhí i dtoghcháin 2019.

Toghtar Parlaimint na hEorpa chun leasa shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. Tá cumhachtaí reachtaíochta, buiséideacha agus maoirseachta aige lena n-imríonn sé páirt thábhachtach i bpróiseas reachtaíochta an AE, san obair le buiséad bliantúil an AE a mhúnlú agus maoirseacht ar an ngeilleagar.

Reáchtáiltear toghcháin dhíreacha chun Parlaimint na hEorpa gach cúig bliana. Tarlaíonn toghcháin in imeacht tréimhse ceithre lá, i mí na Bealtaine nó an Mheithimh de ghnáth, ar fud an Aontais Eorpaigh. Déanann an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiύil ordú lena socraítear an lá agus na huaireanta don vótaíocht, a chaithfidh maireachtáil ar feadh 12 uair an chloig ar a laghad idir 7am agus 10.30pm.

Toghcheantar na hEorpa

Treoirleabhar - An tSlí a dToghtar Ionadaithe na hÉireann


Toghcheantair


Toghcháin 2019 do Pharlaimint na hEorpa

Reáchtáladh toghcháin in Éirinn Dé hAoine 24 Bealtaine 2019. Toghadh aon Fheisire déag sna trí thoghcheantair i gcomhair théarma parlaiminte 2019– 2024.

Tá na torthaí toghcháin, arna dtiomsú agus arna bhfoilsiú ag an Roinn ar fáil ar ár suíomh i mBéarla.


Caiteachais Iarrthóirí agus Teorainneacha ar Thabhartais

Caiteachais

Foráltar le haghaidh rialacha maidir le caiteachais ag toghcháin Eorpacha, agus teorainn ar chaiteachais a dhéanann iarrthóirí san Acht Toghcháin 1997.

  • feidhmítear smacht ar chaiteachais trí chóras gníomhairí
  • caithfear caiteachais a dhéanfaidh páirtí ar leibhéal náisiúnta a chur trí ghníomhaire náisiúnta
  • bíonn gníomhaire náisiunta freagrach as caiteachais thar ceann gach iarrthóra
  • is é 230,000 euro an teorainn ar chaiteachais d’iarrthóir ag toghcháin Eorpach. Leagtar seo amach in I.R. Uimh. 87 de 2004
  • caithfear ráiteas i scríbhinn maidir leis na speansais toghcháin uile a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí faoi cheann 56 lá ón lá vótaíochta ag an toghchán
  • leagtar ráitis faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais

Féach ar Shuíomh Idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí le tuilleadh faisnéise a fháil.

Tabhartais

  • ceanglaítear ar Fheisirí Eorpacha ráiteas maidir le tabhartais a chur ar fáil don Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí gach bliain, á thabhairt le fios cibé an bhfuarthas tabhartas os cionn 600 euro i rith na bliana agus sonraí aon tabhartais dá leithéid a thabhairt
  • is éard atá i dtabhartas aon ranníocaíocht arna déanamh chun críocha polaitiúla agus féadfaidh airgead, earraí nó seirbhísí a bheith san áireamh
  • tar éis toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, caithfidh iarrthóirí nár éirigh leo ráiteas comhchosúil a chur ar fáil i ndáil le tabhartais a fuair siad ag an toghchán
  • caithfidh ball de Pharlaimint na hEorpa nó iarrthóir ag toghchán Eorpach cuntas na dtabhartas polaitiúil a oscailt in institiúid airgeadais má fhaigheann siad tabhartas airgid os cionn 100 euro
  • caithfidh ráiteas ón institiúid airgeadais agus deimhniú á rá gur taisceadh gach tabhartas airgid dá bhfuarthas sa chuntas agus gur úsáideadh gach suim a baineadh as an gcuntas chun críocha polaitiúla, a bheith in éineacht le ráiteas bliantúil baill nó ráiteas iarrthóra nár éirigh leis nó léi
  • ní fhéadfaidh ball de Pharlaimint na hEorpa nó iarrthóir ag toghchán Eorpach glacadh le tabhartas os cionn 1,000 euro in aon bhliain ón deontóir céanna
  • tá cosc ar thabhartais in airgead tirim os cionn 200 euro freisin
  • tá cosc ar a bheith ag glacadh le tabhartais gan ainm os cionn 100 euro freisin agus caithfear aon tabhartais dá leithéid a ghéilleadh don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

Féach ar Shuíomh Idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí le tuilleadh faisnéise a fháil.