Toghchán an Uachtaráin
- Foilsithe: 31 Márta 2017
- An t-eolas is déanaí: 10 Meán Fómhair 2025
- Cé atá in ann Vótáil?
- Forálacha bunreachtúla agus dlíthiúla maidir le toghcháin uachtaránachta
- Suíomh gréasáin Cheann Comhairimh an Uachtaráin
Toghann muintir na hÉireann Uachtarán na hÉireann go díreach ar feadh téarma oifige seacht mbliana. Ní fhéadfaidh an tUachtarán níos mó ná dhá théarma a chur isteach. Ní mór go reáchtáiltear toghchán na huachtaránachta le linn na 60 lá roimh dheireadh théarma oifige an uachtaráin atá ag dul as oifig. Má tharlaíonn folúntas sula gcríochnaítear gnáth-théarma oifige, reáchtáiltear an toghchán faoi cheann 60 lá tar éis don fholúntas tarlú. Déantar an vótáil trí bhallóid rúnda ag baint úsáid as an gcóras aonvóta inaistrithe.
Beidh an chéad toghchán uachtaránachta eile ar siúl Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair 2025. Beidh an vótaíocht ar siúl idir 7am agus 10pm. Tá tuilleadh eolais faoi reáchtáil toghchán uachtaránachta ar fáil ar shuíomh gréasáin Cheann Comhairimh an Uachtaráin.
Cé atá in ann Vótáil?
Tá gach duine ar saoránach Éireannach é/í, atá 18 mbliana d’aois nó níos sine, a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi in Éirinn agus atá san áireamh i gClár na dToghthóirí ar lá na vótála, i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghchán uachtaráin.
Forálacha bunreachtúla agus dlíthiúla maidir le toghcháin uachtaránachta
Tá na príomhfhorálacha dlíthiúla a bhaineann le toghadh an Uachtaráin le fáil in Airteagal 12 den Bhunreacht – féach Bunreacht na hÉireann agus in Acht Thoghchán an Uachtaráin 1993 arna leasú – féach Acht Thoghchán an Uachtaráin, 1993.
Suíomh gréasáin Cheann Comhairimh an Uachtaráin
Tá sé de dhualgas ar Cheann Comhairimh an Uachtaráin toghcháin uachtaráin a stiúradh, agus toradh toghchán a fhionnadh agus a dhearbhú. Tá tuilleadh eolais faoi reáchtáil toghchán uachtaránachta ar fáil ar shuíomh gréasáin Cheann Comhairimh an Uachtaráin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil sa bhileog eolais - An tSlí a dToghtar an tUachtarán.
Tuilleadh eolais faoi Thorthaí Thoghcháin an Uachtaráin 1938 – 2018.