Infheistíocht san Iompar
- Foilsithe: 27 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Samhain 2025
- Sna 5 bliana atá le teacht, déanfar €2.97–€3.44 billiún a infheistiú i dtionscadail iompair chun tacú leis an tithíocht sna cúig chathair i bPoblacht na hÉireann:
- Samplaí:
- Corcaigh: Obair uasghrádaithe ar sheirbhísí iarnróid comaitéireachta le go mbeifear in ann tithíocht a sholáthar sa Linn Dubh, i gCarraig Thuathail, Machain, Céanna na Cathrach agus Tivoli.
- Baile Átha Cliath: Tionscadail chun tacú le tithíocht i mBaile Munna, Cnoc an Sciobóil/Baile Uí Cheallaigh, Droichead Broome, Cluain Buiríosa, Dún Sinche agus Halla an Leasáin.
- Gaillimh: Athfhorbairt ar stáisiún Cheannt agus ar stáisiún Órán Mór le freastal ar thart ar 2,000 áit chónaithe.
- Luimneach: Stáisiún nua i Maigh Rois agus athfhorbairt ar stáisiún Cholbaird chun tacú le 6,500 áit chónaithe chomh maith le cóiríocht do mhic léinn.
- Port Láirge: Áit nua do Stáisiún Phluincéid agus droichead nua don iompar inbhuanaithe chun ceathrú nua na cathrach a fhorbairt thart ar na Céanna Thuaidh.