Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Nuashonrú ar Sheachadadh Oidhreacht Éireann 2030

Áirítear leis na struchtúir chur i bhfeidhm de chuid Oidhreacht Éireann 2030, an straitéis náisiúnta oidhreachta, tiomantas do ráitis bhliantúla a réiteach maidir le dul chun cinn ar an bplean a sheachadadh agus liosta cuimsitheach de na bearta atá ann.

Leis na ráitis bhliantúla seo, soláthraítear léargas ar réimse leathan gníomhaíochtaí a bhíonn á ndéanamh faoin straitéis ar fud na dtrí phríomhthéama mar atá ‘Pobail’, ‘Ceannaireacht’ agus ‘Comhpháirtíochtaí’. Is léiriú iad ar an gcur chuige uile-rialtais agus trasearnála i leith Oidhreacht Éireann 2030, agus ar an gcomhtháthú ar cheisteanna oidhreachta ar fud struchtúr agus beartas náisiúnta agus áitiúil. Ina theannta sin, cuirtear léargas ar fáil leo ar na líonraí casta de chomhpháirtíochtaí a bhíonn ina mbonn faoi bhearta ar fud an rialtais agus na sochaí chun ár n-oidhreacht i ngach uile fhoirm a chosaint agus chaomhnú - idir oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha.

Le tuilleadh a fhoghlaim faoin na ngníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích faoi Oidhreacht Éireann 2030 ó bunaíodh in 2022 í, féach na tuarascálacha maidir le nuashonrú ar ghníomhaíocht bhliantúil thíos.

Doiciméid

Oidhreacht Éireann 2030 – Tuarascáil maidir le Nuashonrú ar Ghníomhacht 2024
Amharc amharc
Seachadadh Oidhreacht Éireann 2030 - Nuashonrú Achomair 2023
Amharc amharc
Heritage Ireland 2030 Delivery - Snapshot of Activity 2023
Amharc amharc
Seachadadh Oidhreacht Éireann 2030 – Brollach an Aire 2023
Amharc amharc