Vacant Above the Shop Grant

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Vacant Above the Shop Grant


Céard é an Deontas do Réadmhaoin Fholamh Os Cionn an tSiopa

Is íocaíocht é an Deontas do Réadmhaoin Fholamh Os Cionn an tSiopa gur féidir leat a fháil má tá spás folamh á thiontú (nó á athchóiriú) agat atá os cionn áitreabh tráchtála chun úsáid chónaithe a bhaint as. Ní mór go mbeadh gné thráchtála an fhoirgnimh fós i bhfeidhm.

Conas Cáiliú don Deontas

Chun cáiliú don deontas, ní mór duit:

  • Cruthúnas maidir le húinéireacht an fhoirgnimh a bheith agat nó fianaise maidir le hidirbheartaíocht ghníomhach chun an réadmhaoin a cheannach.
  • Cruthúnas gur tógadh an foirgneamh roimh 2008.
  • Cruthúnas go bhfuil an spás os cionn an tsiopa folamh i gcomhair dhá bhliain ar a laghad nuair a dhéantar an t-iarratas.
  • Féadfaidh an spás tráchtála ar urlár na talún a bheith in úsáid nó folamh tráth déanta an iarratais, ach ní mór go mbeadh úsáid thráchtála á baint as an bhfoirgneamh fós.
  • D’fhéadfadh na haonaid chónaithe a fhorbraítear a bheith in úsáid mar phríomháit chónaithe phríobháideach an iarratasóra agus / nó d’fhéadfadh siad a bheith á ligean ar cíos (le tionóntacht / tionóntachtaí) a bheidh cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe.
  • Ní féidir ach le húinéirí ainmnithe iarratais a dhéanamh (trádálaithe aonair san áireamh). Níl an deontas ar fáil do chuideachtaí cláraithe.

Conas a bheidh a fhios agat an bhfuil Réadmhaoin Incháilithe don scéim

Tá an Deontas ar fáil do réadmhaoin cháilitheach i gcathracha, bailte agus sráidbhailte.

Fianaise agus doiciméid eile nach mór duit a sholáthar

Doiciméid atá riachtanach chun tacú leis an bhfoirm iarratais:

  1. meastachán maidir leis na hoibreacha atá beartaithe
  2. fianaise go bhfuil rátaí tráchtála íoctha nó in ord cuí
  3. réamhdhearadh/réamhlíníocht ina dtugtar léargas ar an aonad/ar na haonaid c(h)ónaithe atá le cruthú san fhoirgneamh.
  4. aon doiciméad tacaíochta eile a fhéadfaidh d’údarás áitiúil a lorg chun tacú le d’iarratas.

Rátaí íocaíochta

Tá deontas de suas le €95,000 ar fáil d’athchóiriú/d’athoiriúnú an chéad aonaid os cionn aonad an tsiopa, agus tá suas le €20,000 iníoctha don dara aonad a chruthaítear agus €20,000 breise sa chás go gcruthaítear trí aonad cónaithe nó níos mó, suas go dtí uasmhéid de €135,000.

Níl aon uasmhéid luaite le líon na ndeontas ar féidir le duine aonair iarratas a dhéanamh orthu faoin Deontas, ach níl ach deontas amháin, iníoctha in aghaidh fhoirgnimh, méideanna breisithe san áireamh.

Déan Iarratas

Tá an Deontas do Réadmhaoin Fholamh Os Cionn an tSiopa á riar ag údaráis áitiúla. Is féidir leat iarratas a sheoladh chuig an údarás áitiúil ina bhfuil an foirgneamh lonnaithe.

Documents

Vacant Above the Shop Grant FAQs
Amharc amharc
Vacant Above the Shop Grant Scheme outline
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat