Daoine Óga gan Dídean – Cad atá á dhéanamh againn
- Foilsithe: 24 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 24 Samhain 2025
Tá Straitéis Náisiúnta do Dhaoine Óga gan Dídean i bhfeidhm chun cabhrú le daoine óga idir 18–24 bliana d'aois atá gan dídean nó i mbaol a bheith gan dídine. Ceapadh an Straitéis chun réitigh fhadtéarmacha a chur i bhfeidhm, ach tá líon na ndaoine óga atá gan dídean fós ard. Tá gá le tuilleadh gnímh.
Gealltanais an Rialtais:
- Leanfaimid orainn ag dul i ngleic le heaspa dídine i measc daoine óga agus aithneoimid go dteastaíonn a réitigh tithíochta féin ó dhaoine fásta óga.
- Bunófar foghrúpa buan den Choiste Gníomhaíochta Náisiúnta um Easpa Dídine (NHAC) chun:
- Maoirseacht a dhéanamh ar phríomhghníomhartha amhail Tithíocht Thacaithe don Óige agus an Scéim Cóiríochta Comhroinnte.
- Gníomhartha nua a aithint chun freagairt do threochtaí atá ag teacht chun cinn.
- Tacóidh an Creat um Chosc ar Easpa Dídine leis na hiarrachtaí sin freisin.