Éilíonn an tAire O’Brien tuairimí an phobail ar chur chuige beartais do thithíocht dhlúth éagsúil amach anseo

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Éilíonn an tAire O’Brien tuairimí an phobail ar chur chuige beartais do thithíocht dhlúth éagsúil amach anseo

  • Beidh sé mar aidhm ag Treoirlínte Nua d’Údaráis Phleanála freastal ar riachtanais tithíochta na dteaghlach níos éagsúla agus níos lú
  • Tá sé mar aidhm ag treoirlínte tacú le ‘tithíocht as féin’ agus dearadh tithíochta freagrúil agus nuálaíoch i bpobail

D’éiligh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, inniu tuairimí an phobail ar an gcur chuige beartais is fearr chun cineálacha tithíochta níos dlúithe agus níos éagsúla a chruthú.

Agus comhairliúchán poiblí á sheoladh aige ar an gcur chuige atá beartaithe i dtreo, ‘Treoirlínte maidir le Lonnaíochtaí Inbhuanaithe agus Dlútha d’Údaráis Phleanála’ leag an tAire béim ar aidhm an chomhairliúcháin, is é sin tuairimí agus smaointe a fháil maidir le conas is féidir linn creat beartais náisiúnta a fhorbairt a thacaíonn le tithíocht níos dlúithe agus níos éagsúla agus a mhéadóidh an soláthar tithíochta.

Tá sé i gceist níos mó solúbthachta a chur ar fáil sa todhchaí chun foirmeacha forbartha níos dlúithe agus níos inbhuanaithe agus rogha tithíochta níos fearr a cheadú. Ní chuirfidh an cur chuige seo bac ar fhoirmeacha traidisiúnta forbartha tithíochta nó árasán, toisc gur íoschaighdeáin, seachas uaschaighdeáin, atá sna caighdeáin atá leagtha amach.

Féachfaidh treoirlínte críochnaithe, atá le foilsiú roimh dheireadh mhí an Mheithimh 2023, le tógáil ar na Forbairtí Cónaithe Inbhuanaithe i Limistéir Uirbeacha: Treoirlínte d'Údaráis Phleanála (2009) atá ann cheana agus iad a thabhairt cothrom le dáta.

Ag seoladh an chomhairliúcháin inniu, dúirt an tAire O’Brien:

“Cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh i gcónaí ar sholáthar tithíochta, cabhróidh an comhairliúchán poiblí seo lenár n-aidhm raon níos leithne de roghanna tithíochta a sholáthar chun freastal ar riachtanais dhaonra atá ag fás agus atá ilchineálach. Ba chóir go bhfreagródh tithíocht nua do riachtanais an daonra, go bhfeabhsódh sé pobail agus go n-éascódh sé bealach níos inbhuanaithe chun pobail a thógáil. Molaim don phobal cuidiú leis an mbealach chun cinn a mhúnlú agus tionchar a bheith ar sholáthar forbartha cónaithe inbhuanaithe ina bpobail.’’

Díríonn an cur chuige beartais atá molta ar an idirghníomhú idir dlús cónaithe, caighdeáin tithíochta agus dearadh cáilíochta agus comhfhorbairt áite. Molann sé:

  • leanúint de raonta dlús céimnithe bunaithe ar mhéid na lonnaíochta (m.sh. cathracha, bailte móra, bailte beaga agus meánmhéide) agus suíomh ginearálta i ngach lonnaíocht (m.sh. ceantair lárnacha, uirbeacha agus fo-uirbeacha nó imeallacha)
  • solúbthacht níos fearr i gcaighdeáin dearaidh amhail achair scartha foirgneamh agus caighdeáin spáis oscailte. Tá sé seo ag tacú le tógáil níos dlúithe ‘tithíocht as féin’, in éineacht le forbairtí traidisiúnta tithíochta agus árasán.
  • na dlúis chónaithe is airde ag na láithreacha uirbeacha is lárnaí agus is inrochtana, agus foirmeacha forbartha uirbeacha níos dlúithe agus níos inbhuanaithe ar an iomlán. Sonraítear sa chur chuige tosaíochta beartais nár cheart dlúis an-arda a fhorbairt ach amháin tar éis cur chuige atá bunaithe ar phlean.

I measc na bpríomh-mholtaí le haghaidh comhairliúcháin tá:

  • Dlús Tithíochta: chun fás dlúth a bhaint amach, agus a léiríonn éagsúlacht na lonnaíochtaí agus na gcomhthéacsanna lonnaíochta ina dtarlaíonn forbairt chónaithe, molann an cur chuige molta raonta dlúis do chathracha, bailte cathrach, bailte móra (daonra 10,000+), bailte beaga agus meánmhéide (daonra >1,500 go 10,000) agus bailte agus sráidbhailte tuaithe (daonra >1,500).
  • Caighdeáin tithíochta: réamhaisnéis shuntasach an fháis daonra a aithint mar aon le déimeagrafaic atá ag athrú, agus chun fás dlúth a bhaint amach, ba cheart go n-éascófaí samhlacha tithíochta meándlúis, in éineacht le forbairtí traidisiúnta tithíochta agus árasáin. (Tá sonraí sna Nótaí don Eagarthóir)
  • Dearadh ardchaighdeáin agus comhfhorbairt áite: soláthróidh na treoirlínte treoir ina leith seo, táscairí ba chóir a chur i bhfeidhm agus pleananna á n-ullmhú agus iarratais phleanála aonair á mbreithniú san áireamh.

Tugann na treoirlínte atá beartaithe níos mó solúbthachta i gcaighdeáin dearaidh amhail achair scartha foirgneamh agus caighdeáin spáis oscailte, chun tacú le tógáil tithe ‘as féin’ níos dlúithe, taobh le tithíocht traidisiúnta agus forbairtí árasán.

Dúirt an tAire Stáit do Phleanáil agus Rialtas Áitiúil, Kieran O’Donnell TD:

“De réir mar a leanaimid ar aghaidh ag soláthar tithíocht Inacmhainne, déanfaidh na treoirlínte nua um lonnaíochtaí inbhuanaithe agus dlútha soláthar do sholúbthacht níos fearr i gcaighdeáin dearaidh amhail achair scartha foirgneamh agus caighdeáin spáis oscailte a thacaíonn le tógáil tithe ‘as féin’ níos dlúithe, in éineacht le forbairtí traidisiúnta tithíochta agus árasáin. Mholfainn do dhaoine a dtuairimí a thabhairt dúinn le gur féidir linn an soláthar tithíochta a mhéadú amach anseo ar bhealach inbhuanaithe, bunaithe ar an gcleachtas pleanála is fearr.”

Is féidir aighneachtaí ar an gcur chuige beartais atá molta a dhéanamh go dtí 5pm ar an 27 Aibreán. Cuirfear gach aighneacht san áireamh agus na Dréacht-Treoirlínte maidir le Lonnaíochtaí Inbhuanaithe agus Dlútha á dtabhairt chun críche, a fhoilseofar i mBealtaine 2023 agus a bheidh faoi réir comhairliúchán poiblí. Foilseofar na Treoirlínte deiridh faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2023.

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

Is féidir leat féachaint ar nó cóip a íoslódáil den chur chuige atá beartaithe i leith Treoirlínte maidir le Lonnaíochtaí Inbhuanaithe agus Dlútha d’Údaráis Phleanála. Chun aighneacht nó tuairim a dhéanamh is féidir ríomhphost a sheoladh chuig nrupconsultation@housing.gov.ie, nó trí scríobh chuig:

Comhairliúchán ar Threoirlínte maidir le Lonnaíochtaí Inbhuanaithe agus Dlútha

An Rannóg Pleanála Náisiúnta, Réigiúnach agus Uirbeach

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil, agus Oidhreachta

Teach an Chustaim

Baile Átha Cliath 1

D01 W6X0

Caighdeáin tithíochta: réamhaisnéis shuntasach an fháis daonra a aithint mar aon le déimeagrafaic atá ag athrú, agus chun fás dlúth a bhaint amach, ba cheart go n-éascófaí samhlacha tithíochta meándlúis, in éineacht le forbairtí traidisiúnta tithíochta agus árasáin. I measc na gcaighdeán a mholtar tá:

  • Scaradh: Íos-achar scartha 16 mhéadar idir fuinneoga ar an urlár uachtarach atá in aghaidh a chéile a fhreastalaíonn ar sheomraí ináitrithe ar chúl tithe agus aonaid dhá leibhéal, le soláthar do laghdú breise i gcúinsí áirithe.
  • Spás Oscailte Príobháideach: Íosmhéid spáis oscailte phríobháidigh de 10 méadar cearnach in aghaidh an spáis leapa, le soláthar do laghdú breise nuair a chuirtear méid coibhéiseach de spás oscailte leathphríobháideach ar fáil in ionad spás oscailte príobháideach, faoi réir íosmhéid iomlán de 5 mhéadar cearnach de spás oscailte príobháideach in aghaidh an spáis leapa.
  • Spás Oscailte Poiblí: Íosriachtanas spáis oscailte poiblí de 10% d’achar iomlán an láithreáin (glan) d’fhorbairt nua cónaithe i bpleananna forbartha reachtúla.
  • Páirceáil do Charranna: chun spriocanna iompair inbhuanaithe a bhaint amach agus chun tacú le gníomhaíocht in aghaidh an athraithe aeráide, ba cheart páirceáil i ‘gCathracha’, i ‘mBailte Uirbeacha’ agus i ‘mBailte Móra (daonra 10,000+)’ a chéimniú bunaithe ar shuíomh agus rochtain ar sheirbhísí trí iompar poiblí, siúl agus rothaíocht. I limistéir ard-inrochtaineachta, ba cheart an soláthar páirceála a íoslaghdú, a laghdú go suntasach nó deireadh a chur leis go hiomlán, agus i limistéir mheán-inrochtaineachta, ba cheart an soláthar páirceála a laghdú go suntasach.

Nuair a bheidh na treoirlínte críochnaithe, beidh siad comhdhéanta de Threoirlínte an Aire faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Forálann Alt 28 go dtabharfaidh údaráis phleanála agus an Bord Pleanála aird ar threoirlínte an Aire i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat