Tá beagnach 2,900 teach folamh agus tréigthe curtha in úsáid arís de bharr €155 milliún i ndeontais athchóirithe

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá beagnach 2,900 teach folamh agus tréigthe curtha in úsáid arís de bharr €155 milliún i ndeontais athchóirithe

D’fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Brown figiúirí inniu ina léirítear go bhfuil níos mó ná €155.2 milliún íoctha le hiarratasóirí ar an Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh, rud lena gcuirtear 2,856 teach a bhí folamh in úsáid chónaithe arís ar fud na tíre.

Ó cuireadh tús leis an scéim, ceadaíodh beagnach 10,000 iarratasóir ar an deontas ar fud na hÉireann faoi dheireadh mhí an Mheithimh i mbliana.

Tá aga moille idir an uair a bhronntar deontas agus an uair a fhaightear é toisc go n-íoctar deontas a luaithe a chríochnaítear obair agus a sholáthraítear an páipéarachas riachtanach. Tá méadú suntasach fós ag teacht ar líon na ndeontas a íoctar gach ceathrú de réir mar a chríochnaítear oibreacha ar réadmhaoine. Íocadh breis agus 700 deontas in C2 2025 ar chríochnú oibreacha, de réir na bhfigiúirí nua.

Is ionann é sin agus méadú suntasach ar an tréimhse chéanna anuraidh ar lena linn a íocadh 226 deontas i gCeathrú 2 de 2024.

Ag cur fáilte roimh líon na dtithe a cuireadh in úsáid arís dó, dúirt an tAire James Browne:

“Táimid i gcás géarchéime agus tá rún daingean agam mo sheacht ndícheall a dhéanamh chun borradh a chur faoi chúrsaí agus chun tithe nach mbaintear dóthain úsáide astu nó nach n-úsáidtear ar bith iad a chur in úsáid arís mar thithe atá ag teastáil go géar.

“Táim sásta go bhfuil an-tionchar á n-imirt ag an deontas athchóirithe do mhaoin fholamh. Tá fás leanúnach ag teacht ar an dea-obair a léirítear leis an deontas seo, agus léirítear leis an méadú ar íocaíochtaí go bhfuil níos mó maoine a bhí folamh agus tréigthe á dtabhairt ar ais in úsáid arís ar fud na tíre. Glacaim dearcadh docht, gruama fiú amháin, ar aon mhaoin a fhágtar folamh faoi láthair.

“Chomh maith le tithe nua a sheachadadh do dhaoine agus do theaghlaigh, idirghabháil chinniúnach is ea an deontas seo nuair a thagann sé go dtí inchónaitheacht, inrochtaineacht agus fiú sábháilteacht ár gcathracha, ár mbailte, ár sráidbhailte agus ár gceantar tuaithe chomh maithe le cuidiú le pobail a athbheochan. Ba mhaith liom go mbeadh na daoine a bhfuil cónaí orthu inár spásanna uirbeacha a mar chuid de mhoil phobail shóisialta. Ba mhaith linn go mbeadh sráideanna faoi bhláth de réir mar a fhásann daoine aníos agus atá de réir mar a théann siad in aois. Seo rud a mhothaím go láidir faoi agus a bhfuilim ag tabhairt aghaidh air go dícheallach.”

Faoi dheireadh mhí an Mheithimh i mbliana, tá an líon is airde iarratas faighte ag Comhairle Contae Dhún na nGall, arb ionann é agus 1,247, agus ceadaíodh 922 díobh agus íocadh 226 díobh.

Tá an dara líon is airde faighte ag Comhairle Contae Chorcaí – 1,164 iarratas, 904 ceadú agus 213 deontas arb iad an líon is airde deontas a íocadh.

Tá an tríú háit ag Comhairle Contae Mhaigh Eo a fuair 818 iarratas agus a d’íoc 128 deontas ar chríochnú oibreacha.

Fuarthas 13,737 iarratas san iomlán ar an deontas ó seoladh é i mí Iúil 2022. Díobh sin, faomhadh 9,979 iarratas. Íocadh €155.2 milliún san iomlán le 2,856 iarratasóir.

Táthar ag súil go leanfar le híoc na ndeontas ar luas seasta le linn na bliana de réir mar a chríochnaítear níos mó oibreacha athchóirithe.

I mapa scéala idirghníomhach a d’fhorbair an roinn, léirítear tionchar forleathan na scéime deontais ar fud na tíre ó seoladh í. Áirítear leis an bhfaisnéis líon na ndeontas a eisíodh in aghaidh an údaráis áitiúil ó seoladh an scéim. Tá íomhánna de roinnt de na hoibreacha ‘roimh athchóiriú agus ina dhiaidh’ a rinne faighteoirí deontais cheana faoin scéim ar fáil le feiceáil.

Tá an mapa ar fáil ag: Staitisticí an Deontais Athchóirithe do Mhaoin Folmha.

Faigh na staitisticí is déanaí ó C2 2025 maidir leis an Deontas Athchóirithe do Mhaoin Folmha.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat