Faomhadh maoiniú €23m chun stoc tithíochta sóisialta a uasghrádú
- Foilsithe: 8 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2026
D’fhógair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta inniu maoiniú €23 milliún d’údaráis áitiúla chun oiriúnuithe, síntí agus feabhsuithe eile a dhéanamh ar a stoc tithíochta sóisialta reatha.
Cinnteoidh an Deontas seo do Dhaoine faoi Mhíchumas go ndéanfar tithe a oiriúnú chun ligean do dhaoine scothaosta agus dóibh siúd faoi mhíchumas leanúint ar aghaidh ag maireachtáil go neamhspleách, agus maoiniú á sholáthar ag an am céanna le haghaidh athruithe cuimsitheacha amhail síntí chun plódú a mhaolú.
Maoiníonn an scéim sin mionathruithe riachtanacha tí do dhaoine a bhfuil riachtanais soghluaisteachta nó míchumais acu. Ina measc seo tá mionoiriúnuithe amhail cathaoireacha staighre, rampaí, agus greimráillí, tionscadail níos mó amhail síntí chun plódú a laghdú, chomh maith le spásanna inrochtana a chruthú cosúil le seomra leapa thíos staighre, en-suite nó seomra fliuch.
Tá an maoiniú ar fáil freisin tríd an scéim um Obair Fheabhsúcháin in Ionad ina gceadaítear oibreacha a dhéanamh ar theach faoi úinéireacht phríobháideach nuair is amhlaidh go mbíonn faomhadh tugtha don iarratasóir le haghaidh tithíochta sóisialta.
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne:
“Cuirfidh an maoiniú seo feabhas suntasach ar dhálaí tithíochta do thionóntaí scothaosta agus dóibh siúd faoi mhíchumas. Cuideoidh sé freisin le dul i ngleic le plódú i dtithíocht shóisialta agus tairgfidh sé rogha eile dóibh siúd atá ina gcónaí i gcóiríocht phríobháideach róphlódaithe faoi láthair.
“Léiríonn an scéim seo go soiléir tiomantais an rialtais seo chun cur ar chumas daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas leanúint ar aghaidh ag maireachtáil go neamhspleách.”
Dúirt an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht aige do Dhaoine Scothaosta, Kieran O’Donnell:
"Is é mo phríomhthosaíocht mar Aire le freagracht do dhaoine scothaosta ná an cumas a thabhairt dóibh fanacht ina gcónaí sna tithe agus sna pobail ina bhfuil a saol caite acu ann.
“Is beart dearfach é an fógra maoinithe seo chun cur leis sin.”
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Pleanáil agus Rialtais Áitiúil, John Cummins:
“Táim tiomanta an chumhacht a thabhairt do na húdaráis áitiúla an Deontas do Dhaoine faoi Mhíchumas agus an scéim um Obair Fheabhsúcháin in Ionad a sheachadadh.
“Tá na deontais seo ríthábhachtach chun freastal ar riachtanais thionóntaí an údaráis áitiúil agus iad siúd atá ag fanacht le tithíocht shóisialta agus tá ról lárnach acu maidir le cur ar chumas daoine faoi mhíchumas leanúint ar aghaidh ag maireachtáil go neamhspleách.”
Is iad na húdaráis áitiúla a riarann an Deontas do Dhaoine faoi Mhíchumas agus an scéim um Obair Fheabhsúcháin in Ionad go díreach. Faoin dá scéim, comhlíonann maoiniú státchiste 90% de chostas na n-oibreacha i ngach réadmhaoin agus soláthraíonn an t-údarás áitiúil an 10% eile.
Nótaí
Tá leithdháiltí do gach Údarás Áitiúil leagtha amach thíos:
| Údarás Áitiúil | 90% Deonachán Roinne | 10% Deonachán Údaráis Áitiúil |
| Contae Cheatharlach | €192,497 | €21,389 |
| Contae an Chabháin | €282,436 | €31,382 |
| Contae an Chláir | €384,348 | €42,705 |
| Cathair Chorcaí | €1,260,827 | €140,092 |
| Contae Chorcaí | €943,934 | €104,882 |
| Contae Dhún na nGall | €1,176,302 | €130,700 |
| Cathair Bhaile Átha Cliath | €3,157,325 | €350,814 |
| Dún Laoghaire–Ráth an Dúin | €990,355 | €110,039 |
| Contae Fhine Gall | €202,950 | €22,550 |
| Cathair na Gaillimhe | €587,998 | €65,333 |
| Contae na Gaillimhe | €777,481 | €86,387 |
| Contae Chiarraí | €829,127 | €92,125 |
| Contae Chill Dara | €952,323 | €105,814 |
| Contae Chill Chainnigh | €198,274 | €22,030 |
| Contae Laoise | €532,970 | €59,219 |
| Contae Liatroma | €173,850 | €19,317 |
| Cathair agus Contae Luimnigh | €756,642 | €84,071 |
| Contae Longfoirt | €350,579 | €38,953 |
| Contae Lú | €710,917 | €78,991 |
| Contae Mhaigh Eo | €697,672 | €77,519 |
| Contae na Mí | €427,643 | €47,516 |
| Contae Mhuineacháin | €195,949 | €21,772 |
| Contae Uíbh Fhailí | €712,803 | €79,200 |
| Contae Ros Comáin | €399,009 | €44,334 |
| Contae Shligigh | €633,147 | €70,350 |
| Contae Átha Cliath Theas | €514,270 | €57,141 |
| Contae Thiobraid Árann | €1,786,030 | €198,448 |
| Cathair agus Contae Phort Láirge | €975,200 | €108,356 |
| Contae na hIarmhí | €493,852 | €54,872 |
| Contae Loch Garman | €550,496 | €61,166 |
| Contae Chill Mhantáin | €1,152,796 | €128,088 |
| IOMLÁN | €23,000,000 | €2,555,556 |