An Coimisiún Pleanála – Comhlacht pleanála neamhspleách náisiúnta na hÉireann seolta
- Foilsithe: 8 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2026
Comhlacht pleanála náisiúnta nua atá athraithe ó bhonn tosaithe faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024 agus táthar chun é a bhunú ón lá amárach
Paul Reid ainmnithe mar Chathaoirleach Neamhfheidhmiúcháin ar an gcomhlacht nua
An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne. Inniu sheol an Teachta Dála agus an tAire Stáit le freagracht i leith Rialtais Áitiúil agus Pleanáil, John Cummins, an comhlacht pleanála náisiúnta nua An Coimisiún Pleanála.
Déanfar an comhlacht ar a dtugtaí an Bord Pleanála roimhe seo a athbhunú mar An Coimisiún Pleanála ón lá amárach (18 Meitheamh, 2025) tar éis tosaigh feidhme Chuid 17 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024.
Chuir an tAire James Browne béim ar an méid seo a leanas:
“Inniu ní hamháin go bhfuilimid ag athainmniú comhlacht reatha ach táimid ag tabhairt isteach athstruchtúrú eagraíochtúil cuimsitheach a mbeidh comhlacht pleanála nuachóirithe mar thoradh air, a bheidh oiriúnach don 21ú haois agus a mbeidh róil agus freagrachtaí sainmhínithe go soiléir aige.”
Dúirt sé gurb é seo an chéad chéim i gclaochlú forleathan ar an gcaoi a dtugtar faoi iarratais phleanála agus achomhairc. D’fhógair an tAire Browne freisin go b’é Paul Reid – iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) – a bheidh mar Chathaoirleach ar An gCoimisiún Pleanála.
Ag trácht ar an gceapachán seo dúirt an tAire Browne:
“Tá an-áthas orm ceapachán an Uasail Paul Reid a fhógairt mar Chathaoirleach ar Bhord Rialúcháin An Choimisiúin Phleanála. Tá cuntas teiste iontach ag an Uasal Reid maidir le heagraíochtaí a threorú trí thréimhsí athraithe ríthábhachtacha agus ag an am céanna ag déanamh cinnte go gcomhlíonann siad a sainordú agus go soláthraíonn siad seirbhísí éifeachtacha do shaoránaigh agus don Stát. Táim muiníneach go mbeidh ról lárnach ag an Uasal Reid ag treorú Bord Rialúcháin An Choimisiúin Phleanála tríd an tréimhse seo d’athrú agus d’athstruchtúrú don eagraíocht.”
Bhí róil iomráiteacha ag an Uasal Reid roimhe seo i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i gComhairle Contae Fhine Gall agus sa státseirbhís agus rachaidh a chuid sárscileanna eagrúcháin agus scileanna bainistíochta athruithe chun tairbhe an róil.
Mar Chathaoireach sa ról seo, cinnteoidh an tUasal Reid go gcomhlíonfar spriocanna reachtúla ar chinntí a bhaineann le gach cás pleanála, lena n-áirítear tionscadail bhonneagair ríthábhachtacha le haghaidh iompair, uisce, eangaí agus fuinnimh chomh maith le forbairtí cónaithe ar mhórscála. Agus an Plean Forbartha Náisiúnta á sheachadadh, tá socruithe tráthúla agus láidre de réir dlí maidir le hiarratais dhíreacha agus achomhairc riachtanach chun athchóiriú ar an gcóras pleanála a leabú agus chun muinín a athbhunú ann.
Tá trí cholún lárnach sa struchtúr nua eagraíochtúil don chomhlacht pleanála náisiúnta:
Bord Rialúcháin – faoi chathaoirleacht an Uasail Reid agus atá freagrach as rialachas agus feidhmíocht na heagraíochta (féach Nóta d’Eagarthóirí le haghaidh sonraí faoi bhallraíocht an Bhoird).
Coimisinéirí Pleanála – a bheidh freagrach as gach cinnteoireacht maidir le hachomhairc, iarratais, atreorú agus iarraidh.
Struchtúr corparáideach – faoi stiúir an Uasail Peter Mullan, an Cathaoirleach lánaimseartha reatha a bheidh mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin nua ar an tosach feidhme, agus foireann bainistíochta neartaithe agus struchtúr eagraíochtúil athbhreithnithe chun gach feidhm eagraíochtúil agus theicniúil a chomhlíonadh agus chun tacú le róil atá lárnach sa chinnteoireacht. Tá tionchar dearfach an athchóirithe sa réimse seo le feiceáil cheana féin agus laghdú tagtha ar an riaráiste stairiúil de chásanna atá ag fanacht le cinneadh.
Mhínigh an tAire Browne:
“agus muid ag dréim leis an bhforbairt seo, d’oibrigh mo roinn leis an mBord Pleanála chun a chinntiú go bhfuil acmhainní cuí ag an gcomhlacht pleanála claochlaithe mar ullmhúchán d’athrú eagraíochtúil.
“Tá níos mó daoine ná riamh ag obair sa chomhlacht pleanála. Mar gheall ar acmhainní suntasacha breise a leithdháileadh ar an gcomhlacht, tá laghdú 60 faoin gcéad tagtha ar líon na gcásanna atá ag fanacht le cinneadh.
“I gcás forbairtí cónaithe ar mhórscála – iad siúd os cionn 100 teach - táthar ag déileáil le gach achomharc a rinneadh i 2025 laistigh den sprioc-thréimhse reachtúil 16 seachtaine. Thóg sé níos lú ná deich seachtaine ar an meán cinntí a chur i gcrích sa chéad ráithe den bhliain seo.
“Le dhá bhliain anuas agus sa bhliain go dtí seo, chuir an Bord níos mó cásanna de láimh ná mar a fuarthas. Ní raibh sé seo amhlaidh idir 2020 agus 2022 agus d’éascaigh sé an laghdú suntasach ar an riaráiste stairiúil.”
Luaigh an tAire Stáit John Cummins TD an méid seo a leanas freisin:
“Is garsprioc eile é an lá inniu in athchóiriú ár gcóras pleanála le bunú An Choimisiúin Phleanála. Léiríonn an t-údarás pleanála athbhreithnithe athrú ar an gcaoi a ndéanaimid cinntí tráthúla maidir le tithíocht agus bonneagar ar fud na tíre.
“Ag a chroílár, déanfaidh an t-athrú próisis a chuíchóiriú, cinnteoireacht níos tapúla a dhéanamh agus creat níos soiléire agus níos comhsheasmhaí a thairiscint. Tá beagnach 300 ball foirne tiomanta ag an gCoimisiún Pleanála anois tar éis don rialtas infheistíocht shuntasach a chur ar fáil, agus tá a fhios agam go bhfuil siad ar fad an-eolach ar an ról ríthábhachtach atá acu maidir le cinntí tráthúla a dhéanamh. Creidim go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh muinín ag gach duine a idirghníomhaíonn leis an gcóras pleanála gur féidir leis na dúshláin atá ann cheana agus dóibh siúd atá ag teacht chun cinn a fhreagairt.
“Cabhróidh amlínte reachtúla nua, nuair a thugtar isteach iad, le haghaidh cinnteoireachta agus próisis athbhreithnithe bhreithiúnaigh cuíchóirithe chun na moilleanna a d’fhéadfadh a bheith ag cur srian ar sholáthar tithíochta a laghdú agus a chinntiú gur féidir cinntí infheistíochta a dhéanamh nuair atá sé ar eolas cén uair a d’fhéadfadh cinneadh ar iarratas pleanála a bheith ag teacht chun cinn.
“Tá an tAcht Pleanála nua ar cheann de na píosaí reachtaíochta is mó i stair an Stáit agus is céim fháilteach sa treo ceart é tosach feidhme Chuid 17 den Acht. Tá sé ar cheann de roinnt tionscnamh atá tosaithe chun timpeallacht fheabhsaithe a chruthú don soláthar tithíochta agus bonneagair a bhfuil géarghá leis sa Stát. Táim ag tnúth go mór leis na feabhsuithe agus na tionscnaimh bhreise atá le teacht i mbliana agus an tAcht nua á chur i bhfeidhm de réir a chéile.”
Díríonn forbairt an lae inniu ar fheabhsúcháin eagraíochtúla amháin agus tabharfar isteach athruithe breise sna míonna amach romhainn chun an córas pleanála in Éirinn a athchóiriú agus a nuachóiriú. Idir an dá linn, leanfaidh gach próiseas pleanála, cinntí agus achomharc ar aghaidh ag feidhmiú faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 go dtí go gcuirfear na Codanna eile d’Acht 2024 i bhfeidhm.
Tá tosach feidhme na ngnéithe uile d’Acht 2024 fós mar thosaíocht ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus tá Treoir d’Acht 2024 mar aon le Plean Gníomhaithe chuimsithigh (lena n-áirítear sceideal mionsonraithe tosaithe) ar fáil lena fheiceáil ag www.gov.ie/planning.
CRÍOCH
Nóta d’eagarthóirí
Bord Rialúcháin An Choimisiúin Phleanála – Gnáthbhaill
Peter Dennehy: Abhcóide, iar Phríomhoifigeach na Comhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil.
Anne Graham: Iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair.
Mary Keane: Iar-Phríomhstiúrthóir Dlí-Chumann na hÉireann, ball reatha den Bhord Comhairleach le Tailte Éireann.
Penelope Kenny: Cuntasóir, Cathaoirleach reatha Choiste um Iniúchóireacht agus Riosca An Bhoird Phleanála.
Peter Madden: Róil Príomhoifigeach Airgeadais agus feidhmeannach gnó sinsearach, go háirithe Arnotts agus an chuideachta foirgníochta idirnáisiúnta Sammon Contracting.
Michael Moriarty: Earnáil Eagraíochta Neamhrialtasach, bhí sé ina bhall de Bhord an Ospidéil an Rotunda.