Sonraí tosaithe míosúla Lúnasa foilsithe
- Foilsithe: 9 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 14 Eanáir 2026
D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, sonraí míosúla maidir le líon na bhFógraí Tosaithe faighte (táscairí maidir le tús a chur le hobair thógála chónaithe) le haghaidh Lúnasa 2025.
Léirítear sna sonraí sin gur taisceadh 1,156 fógra tosaithe do thithe nua i mí Lúnasa 2025 - sin méadú ó 1,059 aonad i mí Iúil (suas 9.2%).
Idir Eanáir 2025 agus Lúnasa 2025, fuarthas 8,540 fógra. Ar bhonn rollach 12 mhí, (Meán Fómhair 2024 go dtí Lúnasa 2025), fuarthas 38,895 fógra tosaithe.
As an 1,156 aonad ar tosaíodh ag obair orthu i mí Lúnasa, is teaghaisí scéime iad 490 (42.5%), is árasáin iad 339 (29.3%) agus is aonaid aonuaire iad 327 (28.2%).
De réir an údaráis áitiúil, bhain formhór na bhfógraí tosaithe i mbliana go dtí seo le Cathair Bhaile Átha Cliath (1,522), Contae Chorcaí (695) agus Contae Fhine Gall (670).