Buiséad 2026: Fógraíonn an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an pacáiste buiséid is airde riamh de bhreis is €11 bhilliún
- Foilsithe: 4 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Nollaig 2025
- Infheistíocht chaipitil tithíochta ar an leibhéal is airde riamh de €9+ mbilliún
- Méadú 29% d’Uisce Éireann chun bonneagar uisce a chur chun cinn agus forbairt tithíochta a éascú
- Leithdháileadh maoinithe feabhsaithe de €563 milliún chun tacú le soláthar seirbhísí do dhaoine gan dídean
- Cáin nua ar Réadmhaoin Tréigthe le tabhairt isteach, a riarfaidh na Coimisinéirí Ioncaim
- Síneadh €1,000 ar an gcreidmheas cánach cíosa ar feadh 3 bliana
- Ráta Cánach Corparáide 0% d’Aonaid ar Cíos de réir Costais chun seachadadh aonad ar cíos de réir costais a spreagadh
- Bord um Thionónachtaí Cónaithe (RTB) agus seirbhísí abhcóideachta eile chun maoiniú €24 milliún a fháil
- €34 milliún chun tacú leis an Lucht Siúil, lena n-áirítear chun lóistín nua a sheachadadh agus obair dheisiúcháin agus obair chothabhála a dhéanamh
- Méadú ar mhaoiniú do Phleanáil chun foireann bhreise a mhaoiniú don Choimisiún Pleanála agus dár n-údaráis phleanála
- €670 milliún chun tacú le húdaráis áitiúla, méadú €80 milliún ar mhaoiniú ón gCiste Rialtais Áitiúil
- Spreagadh is mó riamh de €256 milliún d’athchóiriú an dúlra agus d’oidhreacht, suas 15% bliain ar bhliain, agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra os cionn €100 milliún den chéad uair
Tá €11.275 billiún leithdháilte don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mbuiséad an lae inniu, is é sin, méadú foriomlán 20% ar mhaoiniú 2026.
Rinne an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, an tAire Stáit le freagracht as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, John Cummins, an tAire Stáit le freagracht as Dúlra, Oidhreacht agus Bithéagsúlacht, Christopher O’Sullivan agus an tAire Stáit le freagracht as Daoine Scothaosta agus Tithíocht, Kieran O’Donnell, an fógra.
Tithíocht agus easpa dídine
Le Buiséad 2026, treisítear gealltanas an rialtais chun borradh a chur faoin soláthar tithíochta, agus an pacáiste maoinithe is mó riamh á nochtadh mar aon le bearta cánach chun dlús a chur le tógáil tithe ar fud na tíre chun spriocanna náisiúnta a chomhlíonadh.
Faoin gclár seo, is é €7.21 billiún an maoiniú iomlán státchiste atá ar fáil in 2026, lena gcuimsítear €5.19 billiún caipiteal agus €2.02 billiún reatha.
Déanfar an soláthar caipitil €5.19 billiún a chomhlánú le hinfheistíocht tríd an nGníomhaireacht Forbartha Talún (GFT) agus iasachtaí ón nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe (GAT), rud a fhágfaidh go mbeidh an maoiniú caipitil iomlán le haghaidh tithíochta in 2026 os cionn €9 mbilliún.
Chuir an tAire Browne béim ar an bhfíric gur cheart go mbeadh fócas lárnach sa bhuiséad seo ar a chinntiú go mbeadh teacht ag daoine aonair agus ag teaghlaigh ar theach, bíodh sé le ceannach nó le fáil ar cíos - ar phraghas réasúnta. Bhí an tAire Browne soiléir freisin gur tosaíocht i mBuiséad 2026 é dul i ngleic leis an easpa dídine agus tacaíochtaí a sholáthar dóibh siúd atá gan dídean.
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne:
“Gan amhras, is iad an easpa dídine agus daoine i gcásanna cónaithe neamhchinnte an dúshlán is práinní atá romhainn fós. Caithfidh sé a bheith mar phríomhthosaíocht againn. Mar chuid de phacáiste buiséid an lae inniu, tá mé ag soláthar leithdháileadh maoinithe feabhsaithe de €563.5 milliún, suas ó €328 milliún anuraidh, chun tacú le soláthar seirbhísí do dhaoine gan dídean. Áirítear leis sin lóistín éigeandála, tionscnaimh chun easpa dídine a chosc, tacaíochtaí cothabhála tionóntachta, agus lóistín idirthréimhseach do dhaoine atá gan dídean. Caithfidh an soláthar foriomlán a bheith i gcroílár ár bhfreagra, agus sin an rud atá mé tiomanta do dhifríocht a dhéanamh ina leith.
“Chun freastal i ndáiríre ar scála an éilimh tithíochta, ní mór dúinn níos mó tithe a sheachadadh i ngach cineál tionachta. Sa bhuiséad seo, táim tiomanta a chinntiú gur buiséad le haghaidh tithíochta é seo.
“Tá sé beartaithe againn seachadadh tithíochta sóisialta a mhéadú a thuilleadh agus níos mó tithe sóisialta a thógáil ná mar a rinneamar riamh. Dá bhrí sin, soláthraíodh leithdháileadh caipitil méadaithe de €2.9 billiún chun tacú le húdaráis áitiúla agus le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta i seachadadh 10,200 teach sóisialta nua-thógtha.
“Freisin, áiritheofar leis an maoiniú seo go leanfar den chlár fála tithíochta sóisialta athláimhe, lena ndíreofar ar na daoine is leochailí agus atá sna cásanna tithíochta is neamhchinnte.
“Tá dul chun cinn déanta ag na scéimeanna ceannaigh inacmhainne agus cíosa de réir costais chun tithíocht fhadtéarmach shlán a chur ar fáil do na mílte duine aonair agus teaghlach ar fud na tíre ar rátaí faoi bhun an mhargaidh. Chun cur leis an dul chun cinn sin, tá leithdháileadh caipitil méadaithe de €1.2 billiún geallta chun tacú le seachadadh 7,500 teach ceannaigh inacmhainne agus ar cíos de réir costais in 2026.
“Sa bhliain 2026, táimid ag gealladh breis is €570 milliún chun tacú le teaghlaigh san earnáil cíosa phríobháidigh tríd an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta agus an Scéim Cóiríochta Cíosa. Leis an infheistíocht sin, beidh níos mó ná 8,700 teaghlach nua in ann lóistín slán a fháil, agus leanfar de thacaíocht a thabhairt do bhreis is 61,000 tionóntacht atá ann cheana féin.
“Mar thacaíocht bhreise do chíosaithe, táimid ag leathnú an chreidmheasa cánach cíosa ar feadh trí bliana eile.”
Mar chuid de bhearta cánach Bhuiséad 2026 a bhaineann le seachadadh tithíochta agus tógáil árasán, tá an méid seo a leanas san áireamh:
- laghdaítear an ráta CBL ar dhíol árasán críochnaithe ó 13.5% go 9% chun aghaidh a thabhairt ar an “mbearna inmharthanachta” i dtógáil árasán agus chun ceadanna pleanála neamhthosaithe a ghníomhachtú
- Asbhaintí Cánach Corparáide feabhsaithe ar Chostais Tógála chun inmharthanacht airgeadais tógála árasán a fheabhsú, agus
- Díolúine ó Cháin Chorparáide le haghaidh Ioncam Cíosa de réir Costais chun seachadadh aonad ar cíos de réir costais a spreagadh agus inmharthanacht sheachadadh aonad ar cíos de réir costais ar chíosanna inacmhainne atá 25% ar a laghad faoi bhun chíosanna an mhargaidh a mhéadú
Dúirt an tAire Browne:
“Is céim thábhachtach iad na bearta cánach spriocdhírithe seo i dtreo píblíne árasán na hÉireann a scaoileadh agus seachadadh tithe inacmhainne a luathú. Tá siad ceaptha chun dul i ngleic leis na bacainní airgeadais a bhí ina ndúshlán do thógáil árasán le blianta beaga anuas.”
I measc na mbuaicphointí eile a bhaineann le fógra buiséid an lae inniu maidir le tithíocht tá an méid seo a leanas:
- Tá €293 milliún á chur ar fáil in 2026 chun tithe a bhfuil lochtanna orthu a leigheas, lena n-áirítear pirít, lochtanna árasán agus bloic choincréite lochtacha
- Beidh €250 milliún ar fáil le haghaidh iasachtaí faoin Iasacht Tí ó Údaráis Áitiúla, rud a sholáthraíonn bealach chuig úinéireacht tí dóibh siúd nach féidir leo an iasacht tráchtála is gá a fháil
- Tá €205 milliún leithdháilte ar Bhonneagar Tithíochta in 2026 chun tacú le hobair na hOifige Gníomhachtaithe Tithíochta maidir le haghaidh a thabhairt ar bhacainní bonneagair agus dlús a chur le seachadadh tithíochta agus chun tacú le seachadadh tithíochta inacmhainne agus sóisialta ar thalamh atá faoi úinéireacht stáit
- €140 milliún chun tacú le hiarfheistiú 3,500 teach sóisialta go Rátáil Fuinnimh Foirgnimh B2 i gcomhréir le gealltanas Chlár an Rialtais chun 36,500 teach údaráis áitiúil a iarfheistiú faoi 2030
- €130 milliún le haghaidh deontas chun tithe daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas a oiriúnú agus chun tacú le soláthar thart ar 17,000 éileamh deontais agus cur i bhfeidhm leanúnach mholtaí na scéime athbhreithnithe atá mar chuid den athbhreithniú ar na deontais, agus tacóidh €28.5 milliún breise le hoibreacha oiriúnaithe ar 1,800 teach sóisialta atá ann cheana féin
- cuirfear €80 milliún breise i maoiniú státchiste ar fáil do Scéim an Chéad Bhaile lena dtacófar, agus maoiniú breise ann ó bhainc rannpháirteacha, le faomhadh chun 2,000 teach a cheannach ag ceannaitheoirí incháilithe
- Cuirtear €55 milliún ar fáil do Scéim Chroí Chónaithe (Chathracha) chun tacú le tógáil árasán atá le díol le húinéirí-áititheoirí trí cheadanna pleanála atá i bhfeidhm cheana féin do na tithe sin a ghníomhachtú
- chun tacú leis an earnáil cíosa, gheobhaidh an Bord um Thionónachtaí Cónaithe agus seirbhísí abhcóideachta eile maoiniú €24 milliún. Ina theannta sin, cuirfear €10.5 milliún ar fáil le haghaidh gníomhaíocht chigireachta údarás áitiúil san earnáil cíosa chun a chinntiú go gcomhlíontar caighdeáin cíosa
- €34 milliún chun tacú leis an Lucht Siúil, lena n-áirítear chun lóistín nua a sheachadadh agus obair dheisiúcháin agus obair chothabhála a dhéanamh
Ag labhairt dó faoin maoiniú rialtais breise suntasach atá leithdháilte do scéimeanna deontais oiriúnaithe tithíochta, dúirt an tAire Ó Domhnaill:
“Mar Aire Stáit le freagracht as tithíocht do dhaoine scothaosta, is é mo phríomhthosaíocht daoine aonair a chumasú chun leanúint de bheith ina gcónaí ina dtithe agus ina bpobail féin chomh fada agus is féidir.
“Is céim dhearfach bhreise i dtreo é sin a chur chun cinn an leithdháileadh maoinithe méadaithe seo i mBuiséad 2026 de €130 milliún le haghaidh deontas chun tithe daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas a oiriúnú. Is méadú 30% é sin ar mhaoiniú €100 milliún na bliana seo caite, agus tacóidh sé le 17,000 iarratasóir. Tacóidh €28.5 milliún eile le hoibreacha oiriúnaithe do 1,800 teach sóisialta atá ann cheana féin.
“Trí mhéadú a dhéanamh ar an maoiniú atá ar fáil do na tacaíochtaí oiriúnaithe tithíochta ríthábhachtacha seo, táimid ag obair le húdaráis áitiúla chun feabhas a chur ar shaol agus ar neamhspleáchas daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas.”
I measc na dtionscnamh chun dul i ngleic le tithe folmha agus tréigthe tá:
- €165 milliún don Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha lena dtacófar le hathchóiriú réadmhaoine folmha agus tréigthe i gcathracha, i mbailte agus i gceantair thuaithe, rud a chinnteoidh athúsáid éifeachtach an stoic atá ann cheana féin
- Tionscnamh Cathrach Beo a shiniú agus a leathnú chun tacú le hathghiniúint uirbeach. Cuireadh síneadh leis an Tionscnamh Cathrach Beo go dtí 2030, rud a neartaíonn gealltanas an rialtais chun dul i ngleic le dearóiliú agus chun tacú le hathghiniúint inár gcathracha agus inár n-ionaid réigiúnacha
- tabharfar isteach Cáin nua ar Réadmhaoin Tréigthe chun athúsáid réadmhaoine folmha agus atá ligthe i léig a dhreasú. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an cháin seo a riaradh, a chuirfear in ionad an Tobhaigh ar Láithreáin Thréigthe atá ann faoi láthair a bhainistíonn na húdaráis áitiúla
Uisce Éireann agus Seirbhísí Uisce
D’fhógair an tAire Browne freisin méadú suntasach d’Uisce Éireann, agus béim á cur ar an méid a leanas:
“Tá infheistíocht leanúnach i seirbhísí uisce poiblí riachtanach chun seachadadh tithíochta a éascú. Sin é an fáth gur mhéadaíomar maoiniú Uisce Éireann faoi €496 milliún, méadú 29% ar Bhuiséad 2025, rud a thugann an leithdháileadh iomlán go €2.2 billiún chun seachadadh bonneagair uisce ríthábhachtaigh a luathú agus chun tacú le forbairt tithe nua ar fud na tíre.”
Tríd is tríd, tá beagnach €2.5 billiún faighte le haghaidh seachadadh seirbhísí uisce – méadú €612 milliún ar leithdháileadh 2025. Leis an maoiniú sin, tacófar le soláthairtí uisce feabhsaithe ar fud na hÉireann, lena n-áirítear faoin tuath in Éirinn, agus tacófar le raon clár lena gcuirfear feabhas ar cháilíocht an uisce inár n-aibhneacha, inár lochanna agus inár gceantair mhuirí. Leis an maoiniú sin, tacófar le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach sa Chlár Rialtais, lena n-áirítear cláir cosanta uisce le páirtithe leasmhara tábhachtacha agus maoiniú don earnáil uisce tuaithe.
Mar aon leis an maoiniú Vótáilte mar a fógraíodh roimhe seo faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, beidh infheistíocht chothromais de €2 bhilliún ann go dtí 2030 d’Uisce Éireann chun tacú le forbairt tithíochta a sheachadadh, agus €2.5 billiún breise do thionscadail mhóra amhail an Tionscadal Soláthair Uisce agus Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
Pleanáil
Tá níos mó ná €400 milliún á chur ar fáil in 2026 le haghaidh clár pleanála na roinne.
Le leithdháileadh 2026, cuirfear ar chumas na roinne clár maoinithe comhordaithe freagrúil a sheachadadh faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach (CAFU), rud a thacóidh le hathbheochan bailte agus cathracha. Le leithdháileadh €300 milliún — méadú €114 milliún ó 2025 — cuirfear forbairt uirbeach inbhuanaithe chun cinn leis an gclár i gcomhréir le cuspóirí pleanála náisiúnta.
Tacófar a thuilleadh leis an mbuiséad le cur i bhfeidhm an “Phlean Gníomhaíochta Aireachta um Acmhainní Pleanála” agus le tabhairt isteach an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2024.
Ag fáiltiú dó roimh an leithdháileadh méadaithe, dúirt an tAire Stáit le freagracht as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, John Cummins:
“Tá sé ríthábhachtach acmhainní a chur ar fáil don chóras pleanála chun uaillmhianta an Achta nua um Pleanáil agus Forbairt a bhaint amach. Is é córas pleanála dea-fheidhmiúil dea-thacaithe an bunús le haghaidh forbairt inbhuanaithe, cinnteoireacht thráthúil, agus seachadadh tithe agus bonneagair. Táimid ag leanúint de bhaill foirne bhreise a mhaoiniú don Choimisiún Pleanála agus dár n-údaráis phleanála – rud a chinnteoidh go bhfuil siad feistithe chun athchóirithe a chur i bhfeidhm agus freagairt d’éilimh atá ag fás.
“Tá áthas orm freisin a thabhairt faoi deara go bhfuil méadú tagtha ar an leithdháileadh don Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach (CAFU). Tá thart ar €1.86 billiún leithdháilte cheana féin faoi CAFU agus leis an €300 milliún atá curtha ar fáil do 2026, cuirfear ar chumas na roinne clár comhordaithe freagrúil a sheachadadh chun tacú le hathghiniúint agus athbheochan bailte agus cathracha ar fud na tíre.”
Rialtas áitiúil
Tá maoiniú €801.7 milliún á chur ar fáil do rialtas áitiúil agus athchóiriú toghchánach in 2025. Is méadú €117.65 milliún é sin.
Leis sin, cuirfear ar a chumas don roinn:
- maoiniú a sholáthar i dtreo costais mhéadaithe pá/pinsean údaráis áitiúil a eascraíonn as cur i bhfeidhm comhaontuithe náisiúnta pá
- déanfar íocaíochtaí comhionannaithe le húdaráis áitiúla a bhfuil ioncam níos ísle acu ó Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ), bunaithe ar bhunlínte athbhreithnithe. Nuashonraíodh na bunlínte sin in 2024 agus méadaíodh iad a thuilleadh do 2026 chun a chinntiú go mbainfidh comhairlí leas díreach as torthaí níos airde CMÁ tar éis na hathluachála atá le teacht
- tacú le tionscnaimh thábhachtacha rialtais áitiúil trasna na tíre, lena n-áirítear tionscadail athchóirithe agus digitithe;
- tacú le bonneagar stáisiúin dóiteáin nua a thógáil agus roinnt áiseanna níos sine a athchóiriú, mar aon le trealamh dóiteáin riachtanach a uasghrádú;
- tacaíocht bhreise a thabhairt d’fheasacht phoiblí agus do ghníomhaíocht údaráis áitiúil chun rannpháirtíocht an phobail leis an bpróiseas clárúcháin toghthóirí nuachóirithe a uasmhéadú, agus
- tacú le tionscnaimh atá dírithe ar chothromaíocht inscne a fheabhsú agus éagsúlacht a mhéadú i bpróisis chinnteoireachta an rialtais áitiúil
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, John Cummins:
“Is iad na húdaráis áitiúla an líne thosaigh maidir le seirbhísí riachtanacha a sheachadadh a mbíonn tionchar díreach acu ar shaol laethúil na saoránach. Tá an rialtas tiomanta a chinntiú go bhfuil tacaíocht iomlán acu sa ról sin, lena n-áirítear trí infheistíocht spriocdhírithe in athchóiriú agus i nuálaíocht.
“Áirítear leis sin maoiniú tiomnaithe don Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil, atá ag cur athchóirithe tábhachtacha chun cinn chun ról na gcomhaltaí tofa a neartú, rialachas áitiúil a bhreisiú, agus cuntasacht agus rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú.”
Dúlra, oidhreacht agus bithéagsúlacht
D’fhógair an rialtas an leithdháileadh is airde riamh de €256 milliún don dúlra, oidhreacht agus bithéagsúlacht i mBuiséad 2026 — arb é méadú 15% é ar an mbliain roimhe sin. Leis an infheistíocht stairiúil sin, leagtar béim ar ghealltanas leanúnach an rialtais chun oidhreacht nádúrtha agus thógtha na hÉireann a chaomhnú agus a bhainistiú chun leasa na nglúnta atá ann anois agus a bheidh ann amach anseo. Laistigh den fhigiúr sin, méadófar leithdháileadh Buiséid na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra faoi 20%, rud a fhágfaidh go mbeidh buiséad lárnach na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra os cionn €100 milliún den chéad uair.
Ag fáiltiú dó roimh an leithdháileadh méadaithe, dúirt an tAire Stáit Christopher O’Sullivan:
“Seo é an buiséad is mó a leithdháileadh riamh ar an dúlra agus ar an oidhreacht in Éirinn. Is léiriú soiléir é sin ar ghealltanas an rialtais seo chun ár gcomhshaol agus ár n-oidhreacht chultúrtha a chosaint. Ní hamháin go gcothófar leis an méadú 15% cosaint agus caomhnú ár n-oidhreachta, ach neartófar í. Is suntasach an rud é an méadú 20% ar mhaoiniú na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus leagtar béim leis ar ghealltanas an Stáit maidir le hathchóiriú an dúlra trínár bPlean Athchóirithe Dúlra atá le teacht. Cumasófar athchóiriú gnáthóg ar scála mór leis, neartófar cláir aisghabhála speiceas agus leathnófar rialú speiceas ionrach. Tugtar croíbhuiséad na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra os cionn €100 milliún den chéad uair leis freisin — cloch mhíle shiombalach in infheistíocht leanúnach sa dúlra.”
Áirítear leis na tosaíochtaí a mhaoinítear le Buiséad 2026:
- cur i bhfeidhm breise Oidhreacht Éireann 2030, plean oidhreachta náisiúnta na hÉireann, agus raon gealltanais ghaolmhara Chlár an Rialtais
- méadú 10% do Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus don tSeirbhís Oidhreachta Tógtha Náisiúnta chun leanúint lena gcuid oibre a leathnú chun ár n-oidhreacht seandálaíochta agus tógtha a thaifeadadh, a chaomhnú agus a chur chun cinn
- leanúint den infheistíocht ar fud na tíre inár n-oidhreacht seandálaíochta agus tógtha trí Chiste na Séadchomharthaí Pobail, an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha, agus scéimeanna deontas caipitil Chiste na Struchtúr Stairiúil
- dul chun cinn breise a dhéanamh ar iarracht na hÉireann chun láithreáin atá ar liosta sealadach Oidhreachta Domhanda a chur ar liosta láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO
- maoiniú méadaithe don Chomhairle Oidhreachta chun leanúint dá cuid oibre a leathnú maidir le tacú le tionscadail oidhreachta pobail agus le forbairt acmhainne ar fud na hearnála oidhreachta, lena n-áirítear i ndáil leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta