English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cead tugtha ag an Rialtas reachtaíocht a dhréachtú do mhéara tofa go díreach do Luimneach

D’fháiltigh an tUasal Peter Burke TD, an tAire Stáit do Phleanáil agus Rialtas Áitiúil, roimh chinneadh an Rialtais níos túisce inniu tús a chur le reachtaíocht a dhréachtú chun foráil a dhéanamh le haghaidh meára tofa go díreach le feidhmeanna feidhmiúcháin do Luimneach.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Burke: “cúis áthais dom go bhfuil cead tugtha ag an Rialtas tús a chur le dréachtú na reachtaíochta atá riachtanach chun oifig méara tofa go díreach a bhunú i Luimneach agus toghchán an mhéara a reáchtáil i Luimneach níos déanaí i mbliana, más féidir ag brath ar chúrsaí sláinte poiblí”. Chomh maith leis sin, dúirt an tAire go gciallaíonn “an cinneadh tábhachtach seo go bhfuilimid céim níos cóngaraí do dheis a thabhairt do phobal Luimnigh a mhéara féin a thoghadh”.

Ag an gcruinniú a reáchtáladh inniu (Dé Máirt, an 20 Aibreán), shínigh an Rialtas Scéim Ghinearálta Bille a dhéanfaidh foráil do bhunú oifig an mhéara, feidhmeanna méarachta, agus na struchtúir rialachais atá mar bhonn leis an oifig sin. Sonraítear an cód toghcháin chun toghcháin mhéarachta a reáchtáil i Luimneach agus foráiltear le haghaidh pobalbhreitheanna maidir leis an gceist a reáchtáil i ndlínsí eile in 2024, más inmhianaithe.

“Fáiltím roimh chinneadh an Rialtais mo thograí a cheadú chun roinnt feidhmeanna agus freagrachtaí sonracha nua a áireamh sa reachtaíocht, lena n-áirítear forálacha a cheanglaíonn ar an méara a bheith i gceannas ar bhord áitiúil chun dlús a chur le cur chun feidhme Thionscadal Éireann 2040 i réigiún chathair Luimnigh agus bord tuaithe a thionól chun scrúdú a dhéanamh ar gach gné den saol tuaithe i Luimneach, agus cead a thabhairt don mhéara páirtithe leasmhara a thionól maidir le nithe a bhfuil tionchar acu ar Luimneach.”

Chuir an tAire in iúl freisin go bhfuil forálacha ina sonraítear sásra mionsonraithe maidir le baint as oifig an mhéara curtha san áireamh.

Bhí na feidhmeanna agus na freagrachtaí nua seo i measc na moltaí a rinne an Grúpa Comhairleach Feidhmithe (IAG) maidir le Méara Tofa go Díreach do Luimneach ina Thuarascáil a foilsíodh ar an 26 Eanáir. Bhí sé indéanta na tograí sonracha sin a fhorbairt anois.

Chomh maith leis sin, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire, “Chomhaontaigh an Rialtas gur cheart go leanfadh comhairliúcháin idir Ranna le breithniú a dhéanamh ar fhreagrachtaí agus ar fheidhmeanna eile a shannadh do mhéara Luimnigh, lena n-áirítear breis féinriail airgeadais, mar a sainaithníodh i dTuarascáil IAG. Bheinn ag súil go mbeinn in ann tograí breise a chur faoi bhráid an Rialtais maidir leis seo amach anseo.”

“Fad is a bheidh an reachtaíocht á dréachtú sna míonna amach romhainn, seolfaidh mé Scéim Ghinearálta an Bhille chuig an Oireachtas ionas gur féidir tús a chur le scrúdú réamhreachtach a luaithe agus is féidir.”

Dúirt an tAire go raibh sé ag súil le bheith ag obair leis an gComhchoiste Oireachtais Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis an reachtaíocht bheartaithe seo sna seachtainí amach romhainn.