Ciste na Séadchomharthaí Pobail le €8 milliún a infheistiú chun séadchomharthaí seandálaíochta a chosaint

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ciste na Séadchomharthaí Pobail le €8 milliún a infheistiú chun séadchomharthaí seandálaíochta a chosaint

Tá 104 tionscadal ar fud na tíre le tairbhe a bhaint as an infheistíocht

Méadú nach mór €500,000 tagtha ar mhaoiniú

D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne TD, agus an tAire Stáit don Dúlra, don Oidhreacht agus don Bhithéagsúlacht, Christopher O’Sullivan TD, inniu go bhfuil breis agus €8 milliún bronnta ar 104 tionscadal oidhreachta faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail 2026.

A bhuí leis na deontais sin, cabhraítear le húinéirí agus le caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint don todhchaí agus rochtain orthu a fheabhsú.

Bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail in 2020, agus tacaíonn sé le réimse tionscnamh chun séadchomharthaí áitiúla agus láithreáin stairiúla a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur chun cinn. Úsáidtear an infheistíocht chun séadchomharthaí a chosaint ar mhaithe le pobail agus leis an bpobal i gcoitinne. Déantar é sin trí oibreacha caomhnaithe agus deisiúcháin a chumasú, chomh maith le hathléimneacht a chothú trí shéadchomharthaí a chosaint ar éifeachtaí na haimsire foircní agus an athraithe aeráide. Cabhraítear freisin faoin scéim le rochtain phoiblí a éascú agus le feabhsuithe ar chur i láthair séadchomharthaí áitiúla.

Mhol an tAire Browne an líonra gairmithe oidhreachta a mbíonn a gcuid maoirseachta ina cúis le rath na scéime gach bliain, ag rá:

“Ba mhaith liom obair Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta i mo Roinn a aithint as a ndícheall, a ndíograis agus a gcuid oibre crua i mbainistiú an CSP. Ba mhaith liom freisin na hÚdaráis Áitiúla agus a gcuid gairmithe oidhreachta a aithint as a gcuid oibre ollmhór i riaradh na ndeontas seo agus as a ról ríthábhachtach foriomlán i gcosaint agus i gcur chun cinn na hoidhreachta.


Leis an €8 milliún atá á fhógairt agam inniu faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail na bliana seo, cabhrófar le 104 tionscadal oidhreachta ar fud na tíre; tacófar le caomhnóirí agus le pobail agus cinnteofar go gcosnófar ár n-oidhreacht seandálaíochta mar thairbhe don phobail ar mhaithe lenár leas comhchoiteann.”

Le méadú ginearálta ar an maoiniú deontais atá ar fáil trí Chiste na Séadchomharthaí Pobail i mbliana, rinne an tAire Stáit O’Sullivan trácht ar thionchar na scéime

“Tá áthas orm leanúint den treo dearfach cistithe d’oidhreacht sheandálaíochta le méadú ar Chiste na Séadchomharthaí Pobail na bliana seo go breis agus €8 milliún, ardú ó €7.5 milliún in 2025. Scéim deontais is ea Ciste na Séadchomharthaí Pobail a bhfuil tionchar ollmhór aici agus a thacaíonn le caomhnóirí na túir, reiligí, séipéil, caisleáin, dúnfoirt agus séadchomharthaí eile a bhfuil ardmheas ag pobail ar fud na tíre orthu a chosaint agus a athchóiriú.


“Mar Aire Oidhreachta, ba mhaith buíochas ó chroí a ghabháil leis na daoine aonair agus na grúpaí pobail a sheas an fód chun cúram a thabhairt dá séadchomharthaí áitiúla agus a thug a gcuid ama, fuinnimh agus díograise go deonach chun a gcaomhnú a chinntiú. Guím gach rath ar na faighteoirí deontais uile agus iad ag cur a dtionscadail i gcrích, agus táim ag súil go mór leis an dul chun cinn a fheiceáil mé féin sna míonna agus blianta amach romhainn.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí / Tuilleadh Eolais

Tá liosta iomlán na ndeontas ar fáil ANSEO – https://www.gov.ie/en/department-of-housing-local-government-and-heritage/publications/community-monuments-fund-list-of-awards-2026/

Lámhleabhar

Bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail i mí Iúil 2020, le leithdháileadh €1.4 milliún le caitheamh ar fheabhsuithe ar shéadchomharthaí seandálaíochta.

Is iad príomhchuspóirí Chiste na Séadchomharthaí Pobail ná caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur chun cinn séadchomharthaí áitiúla agus láithreán stairiúil. Tá roinnt sruthanna maoinithe aige lena ndírítear ar chumasú oibreacha caomhnaithe a dhéanamh ar shéadchomharthaí a mheastar a bheith suntasach agus a bhfuil tacaíocht phráinneach de dhíth orthu, ar rochtain ar shéadchomharthaí a spreagadh agus a gcur i láthair a fheabhsú, agus ar athléimneacht a thógáil i dtaca le séadchomharthaí chun go mbeidh siad in ann seasamh in aghaidh éifeachtaí an athraithe aeráide.

Infheistíonn Ciste na Séadchomharthaí Pobail caipiteal riachtanach in oidhreacht seandálaíochta luachmhar na hÉireann agus cabhraíonn sé le húinéirí agus le caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint amach anseo ar mhaithe le pobail agus leis an bpobal i gcoitinne.

Is í Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta den Roinn a riarann Ciste na Séadchomharthaí Pobail trí na hÚdaráis Áitiúla.

Maoiniú

Tá trí shruth ag Ciste na Séadchomharthaí Pobail:

Sruth 1: deontais suas le €100,000 le haghaidh deisiúcháin riachtanacha agus oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus a dheisiú. D’fhéadfaí suas le €130,000 a bhronnadh ar thionscadail eisceachtúla.

Sruth 2: deontais suas le €30,000 chun Pleananna/Tuarascálacha Bainistíochta Caomhantais a fhorbairt ina ndírítear ar bhearta a aithint chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus rochtain phoiblí a fheabhsú.

Sruth 3: deontais suas le €30,000 chun an bonneagar rochtana agus an léirmhíniú (fíorúil/ar líne san áireamh) ag séadchomharthaí seandálaíochta a fheabhsú.

Tionscadail incháilithe

Faightear tionscadail incháilithe as na catagóirí seo a leanas:

  • tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil a bhaineann le séadchomharthaí seandálaíochta atá faoi úinéireacht phoiblí, i gcás ina bhfuil béim shoiléir oidhreachta agus leas pobail nó poiblí á léiriú.
  • tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil de bharr iarratas ó iarratasóirí príobháideacha atá ina n-úinéirí nó ina gcaomhnóirí ar shéadchomharthaí seandálaíochta iomchuí i gcás ina bhfuil leas poiblí follasach ann.
  • tionscadail a bhfuil béim oidhreachta atá sainithe go soiléir acu agus a bhfuil leas pobail nó poiblí acu, atá molta go díreach don Roinn ag eagraíocht Státmhaoinithe atá ag obair in earnáil na hoidhreachta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat