English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Corrthoghchán an tSeanaid

Corrthoghchán an tSeanaid

Tá sé fógartha ag an Uasal Darragh Ó Briain, T.D., an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go ndearna sé Ordú inniu (27 Eanáir 2022) ag tabhairt treorach maidir le corrthoghchán a reáchtáil chun an folúntas i gcomhaltas Sheanad Éireann a líonadh, is folúntas a tharla de bharr an Seanadóir Ivana Bacik a thoghadh chun Dáil Éireann.

Toghadh an Seanadóir Bacik den dáilcheantar Ollscoil Bhaile Átha Cliath san Olltoghchán do Sheanad Éireann in Márta 2020.

An 11 Feabhra, 2022 an lá deiridh a ghlacfar le hainmniúcháin don chorrthoghchán. Eiseofar páipéir bhallóide an 25 Feabhra, 2022 agus dúnfar vótaíocht ag 11 a.m. an 30 Márta, 2022.

Is iad na toghthóirí don chorrthoghchán gach duine ar chlár na dtoghthóirí do dháilcheantar Ollscoil Bhaile Átha Cliath.

CRÍOCH