An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Corrthoghchán an tSeanaid
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá sé fógartha ag an Uasal Darragh Ó Briain, T.D., an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go ndearna sé Ordaithe inniu (8 Márta 2024) ag tabhairt treorach maidir le corrthoghchán a reáchtáil chun an folúntas a fágadh sa Seanad nuair a chuaigh an Seanadóir Níall Ó Donnghaile ar scor a líonadh.
Toghadh an Seanadóir Ó Donnghaile as an bhFo-Rolla Oireachtais den Rolla Talmhaíochta san Olltoghchán do Sheanad Éireann in Márta 2020.
An 22 Márta 2024 ag meán lae an lá deiridh a ghlacfar le hainmniúcháin don chorrthoghchán. Suífidh Ceann Comhairimh an tSeanaid don rialú ar ainmniúcháin an 8 Aibreán, 2024. Eiseofar páipéir bhallóide an 15 Aibreán, 2024 agus dúnfar vótaíocht ag 11 a.m. an 29 Aibreán, 2024.
Is iad comhaltaí Dháil Éireann agus Seanad Éireann toghthóirí na chorrthoghcháin.
CRÍOCH